BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

Tomaí Ó ConghaileTomaí Ó Conghaile
Is láithreoir é Tomaí Ó Conghaile ar Blas, clár irise Gaeilge Raidió Uladh an BBC. Is cainteoir fuinniúil Gaeilge é as Cill Shléibhe, gar don Iúr. Tá sé 25 bliana d’aois. Bhí taithí aige ar shaol na meán cumarsáide den chéad uair agus é ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, mar a raibh sé ina Eagarthóir Gaeilge ar Trinity News, an nuachtán mac léinn is sine in Éirinn, agus ceapadh é ina Leas-Eagarthóir ar an fhoilseachán sin níos déanaí.

I ndiaidh dó céim a bhaint amach sa Ghaeilge agus sa Spáinnis sa bhliain 2004, bhí sé ag teagasc ar chúrsaí éagsúla Gaeltachta agus ansin lean sé leis ag obair sna meáin chumarsáide leis an nuachtán laethúil Gaeilge Lá i mBéal Feirste. Tá taithí mhaith ag Tomaí ar shaol dúshlánach na meán cumarsáide sa lá atá inniu ann, mar iriseoir agus ina dhiaidh sin mar Leas-Eagarthóir.

Sular thosaigh sé a obair leis an BBC, bhí baint ag Tomaí le Raidió Fáilte, stáisiún raidió phobal Gaeilge Bhéal Feirste agus ó seoladh é sa bhliain 2006, bhí sé mar chomhláithreoir ar cheann de na cláir is cáiliúla de chuid an stáisiúin, is é sin na Giollaí Deacra.

Gráinne McElwainGráinne McElwain
Is as Béal Átha an Fhóid in aice leis an Bhoth i dtuaisceart Mhuineacháin do Ghráinne McElwain. Tá roinnt mhaith blianta caite aici ag obair i gcúrsaí teilifise, go háirithe ag plé le cúrsaí spóirt ar TG4. Chaith sí ceithre bliana ag léiriú agus ag láithriú clár den chineál sin ach tá sí ag dúil go mór leis an dúshlán nua atá roimpi agus í ina láithreoir ar ‘Imeall Geal’ ar an BBC.

Sular thosaigh sí a obair leis na meáin bronnadh céim uirthi sa Ghaeilge agus sa stair in Ollscoil Uladh i gCúil Raithin agus chaith sí cúpla bliain ag teagasc ina dhiaidh sin. Tá an-dúil aici sa spórt, casann sí cúpla port ar an bhosca ceoil agus ar an fheadóg mhór agus is breá léi cúrsaí faisin!

Eoghan Mac DiarmadaEoghan Mac Diarmada

Tá Eoghan Mac Diarmada 23 bliana d'aois agus is céimí de chuid UCD é le polaitíocht agus Gaeilge. Is príomhcharachtar é sa dráma úr de chuid TG4, 'Seacht', is ceirneoir ar chlár raidió é agus cuireann sé 'Pop4' i láthair arTG4 gach seachtain. Mar aon leis seo is rinceoir den scoth é agus chaith sé tréimhse ar na mallaibh ag damhsa ar seó Rihanna i mBÁC. Is duine dathúil pléisiúrtha é Eoghan a gcuirfidh na mná i measc lucht féachana 'Imeall Geal' an-spéis ann, is dócha!