[an error occurred while processing this directive]

BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

CLÁR 8

Le hamharc ar Shliochtanna as Clár 8 cliceáil anseo

The Olympic Lifts

Is banna hip hap iad The Olympic Lifts atá bunaithe i mBéal Feirste. Is geall le ríthe iad i saol an cheoil in Éirinn agus tá a gcuid ceoil ag dul i bhfeidhm fosta ar an cheol sa Ríocht Aontaithe agus in áiteanna níos faide ar shiúl, an tSeapáin san áireamh.

www.myspace.com/olympiclifts*

Bad Taste Cru

Is curaidh reatha na Ríochta Aontaithe iad The Bad Taste Cru sa bhrisdamhsa, in ainneoin gurb as an Ómaigh dóibh, áit nach samhlaítear go minic le cultúr na sráideanna. Déanann siad seónna ar fud na Ríochta Aontaithe agus tá siad ar turas faoi láthair lena seó beo.


www.myspace.com/badtastecru*

Exposé: Gráinne Ghlas

Bíonn an samhradh fuar agus an geimhreadh te na laethanta seo, rud a chruthaíonn, má bhí cruthú de dhíth, go bhfuil na blianta fada den truailliú ag dul i bhfeidhm ar an aeráid. Is beag duine againn nach bhfuil lorg carbóin rómhór aige de dheasca na n-eitiltí saora agus rudaí nach iad. B’fhéidir gur chóir dúinn rud éigin a dhéanamh faoin chur amú seo? Sa chlár seo, déanfaidh Gráinne McElwaine iarracht a cuid astuithe carbóin a laghdú chomh fada agus is féidir ar feadh lá amháin. Baineann sí feidhm as táirgí áilleachta nádúrtha de dhéantús baile, itheann sí bricfeasta déanta de bhia a thagann ón cheantar áitiúil agus roghnaíonn sí dul ar siúlóid faoin tuath i Muineachán in áit dul amach sa charr. An dtig le Gráinne a chruthú gur deas é bheith glas? Beidh le feiceáil.

*BBC is not responsible for the content of external sites