BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

CLÁR 1

Le hamharc ar Shliochtanna as Clár 1 cliceáil anseo

Mary's Great Idea

Banna aoibhinn óg. Má smaoiníonn tú ar belle-pop fuaimiúil agus liricí a thagann díreach ón chroí, tuigfidh tú cuid dá bhfuil acu.
Rigsy Across The Line


www.myspace.com/marysgreatidea*

Director

Is ceathairéad é Director ó Mhullach Íde i mBaile Átha Cliath a bhfuil fuaim shainiúil phopcheoil/rac-cheoil acu atá bunaithe ar na riffeanna láidre dodhearmadta ar a dtugtar crúcaí. Tá a gcuid amhrán pléisiúrtha sothuigthe agus tá anáil na Beatles agus cumadóirí den chineál sin le sonrú orthu!


www.myspace.com/directormusic*

Aoi: Eoghain McDermott

Beimid ag cur aithne ar réaltaí an dráma nua ar TG4, Seacht, clár ceannródaíoch gnéasúil atá suite in acadamh na dtaibh-ealaíon i mBéal Feirste. Baineann Seacht le seachtar óg a bhfuil a saol fite fuaite ina chéile agus iad ag dul trí ghéarchéimeanna agus chruacháis an tsaoil sa choláiste. Beidh Neasa Ní Chuanaigh ann mar Joanne ‘millte, mioscaiseach ach thar a bheith greannmhar’. Is í Alannah Henderson atá i ról Caroline, atá i ngrá le Brian, an ‘gasúr dalba’, mar a deir a bhéal féin. Agus tá Eoghain McDermott ann i ról Pete, cluanaire agus rógaire.

Féilire na nGael

Agus dúlaíocht an gheimhridh sa mhullach orainn, seo chugainn féilire a ardóidh meanma an náisiúin. Tá dosaen de na sárpheileadóirí ó fhoireann Peile Bhaile Uí Shiúrtáin i ndiaidh a gcuid ... tallann a nochtadh ar dhóigh a rachaidh chun sochair dá bhfoireann féin, d’Ospaís Thuaisceart Éireann agus do mhná na hÉireann chomh maith! San fhéilire seo, beidh an fhoireann ag nochtadh a gcuid matán i measc cuid den trealamh oiliúna spóirt is nua-aoisí in Ionad Ardghníomhaíochta Bhaile Uí Shiúrtáin. Tagann imreoirí na foirne ó ar fud na tíre agus tá siad in ard a réime faoi láthair, mar a léiríonn na cluichí a bhain siad ar na mallaibh in éadan Ollscoil na Ríona agus Dhún na nGall. An rud a líonann súil, mar a deirtear ...

£5.00 atá ar an fhéilire. Beidh 50% den bhrabús ag dul chuig Ospaís Thuaisceart Éireann. Beidh an Féilire ar fáil ón siopa i gcumann na mac léinn ag Ollscoil Uladh Bhaile Uí Shiúrtáin agus ba chóir go mbeadh sé ar fáil ar shuíomh idirlín CLG na hOllscoile fosta ag:

http://uujgaelic.servasport.com/html/club/index.jsp?c=1752*

Beidh sé ar fáil i siopaí áitiúla fosta, nó is féidir é a ordú trí ig@bbc.co.uk

*BBC is not responsible for the content of external sites