16 October 2014 |
Le hamharc ar Shliochtanna as Clár 7 cliceáil anseo
Is as Béal Feirste, Tuaisceart Éireann don bhanna The Winding Stair. Seinneann siad ceol ar a dtugtar folk noir – ceol tíre a bhfuil rud éigin fiáin, dorcha, págánach ag baint leis. Tagann an dordveidhil, an veidhlín, an giotár fuaime agus cantaireacht éagaoineach le chéile le fuaim a chruthú atá saibhir, dorcha agus thar a bheith meallacach.
www.myspace.com/thewindingstair*
Is as Dún Dealgán do Jinx, ceoltóir a bhaineann le traidisiún na n-amhrán agóide. In amanna is file é a insíonn scéalta agus aislingí an phobail ach amanna eile is geall le ceoltóir gaspail é, ag seanmóireacht le fuinneamh trína chuid ceoil. Tagann a chuid fuinnimh le chéile le hamhránaíocht chorraitheach Paula Flynn le ceol cumhachtach a chruthú a bhfuil an pholaitíocht, na hospidéil agus ‘súmairí fuinnimh’ mar ábhar aige. Beidh Jinx agus Paula ag labhairt le láithreoirí Imeall Geal fosta.
www.myspace.com/misspaulaflynn*
Jinx Lennon and Paula Flynn will also be our guest this week.
Tá an iliomad cóireálacha áilleachta ar fáil ag na fir na laethanta seo, leithéidí Boyzilians agus menicures. An amhlaidh go gcaitheann na fir níos mó airgid ar an áilleacht anois ná na mná? Is cinnte go bhfuil na sciamhlanna ag cur an-fháilte roimh na fir agus roimh a gcuid airgid anois. Rinne Imeall Geal fiosrúchán ar an fheiniméan seo trí spléachadh a thabhairt ar an dóigh a n-ullmhaíonn beirt dár láithreoirí mealltacha iad féin roimh an scannánú. B’fhéidir go gcuirfeadh na torthaí iontas ort, agus b’fhéidir go léiríonn siad go bhfuil rudaí níos tromchúisí ar a n-intinn acu ag na mná anois ná dath na gréine agus cóireáil éadain.
*BBC is not responsible for the content of external sites