16 October 2014 |
Le hamharc ar Shliochtanna as Clár 2 cliceáil anseo
Tá seisear sa bhanna seo. Seinneann siad ceol malartach tuaithe, a bhfuil corr-rian ann de rac-cheol sícideileach na seascaidí. “Níos teinne ná fobhrístí na Bee Gees,” mar a deir léirmheas ar Across The Line.
www.myspace.com/thedelawares*
Tá an veidhleadóir leis na Frames ag cumadh agus ag seinm ceoil fhuaimiúil a chuirfidh faoi dhraíocht thú, mar a dhéanann sé leis an lucht féachana anseo!
Deirtear gurbh fhearr bheith as an saol ar fad ná as faisean agus is dócha go raibh an Ghaeilge ar imeall an tsaoil ar feadh i bhfad ó thaobh stíle de ... ach d’imigh sin agus tháinig Ó Sé! Tá Daithí Ó Sé againn anois, fear dóighiúil na gceannaithe snoite agus “íocón stíle” Iarthar Chiarraí. Bígí réidh – tá sé istigh anois díreach á mhaisiú féin fánár gcoinne!
Agus tá sé díreach i ndiaidh sraith teilifíse a dhéanamh faoi na heachtraí a bhí aige agus é ag trasnú na Stát ar Bhealach clúiteach 66!
http://www.rteguide.ie/2007/1129/Star.html
Is rómhinic a bhíonn tuairiscí faoi bhásanna ar an bhóthar sna tuairiscí nuachta maidin Luain. Chuaigh ár bhfoireann chuig Gaoth Dobhair i gCo Dhún na nGall le hamharc ar na hiarrachtaí atá ar bun ansin le fadhb na “rásaithe óga” a réiteach.
Shílfeá agus tú ag amharc ar na bacóirí agus ar na rothaí lonracha cóimhiotail atá ar charranna na ndaoine óga thart ar Ghaoth Dobhair nach bhfuil ar a n-intinn acu ach an luas. Ach ní mar a shíltear bítear... An amhlaidh nach bhfuil sna maisiúcháin bhreise ghnéasúla seo ach an gaisce is dual don óige? Cé air, nó cad air a bhfuil an locht anseo? An iad na daoine óga a chaitheann cúinní gan a luas a mhaolú atá freagrach, nó an bhfuil an deargár seo ar na bóithre le cur síos don bhonneagar – i. drochbhóithre, drochshoilsiú, teorainneacha luais atá ró-ard?
Is cúis bháis é an luas, gan amhras – ach cad é mar is féidir linn an tsábháilteacht ar na bóithre a chothú gan bheith ag seanmóireacht? Beimid ag amharc ar réiteach féideartha amháin atá ag dul i bhfeidhm go mór ar aos óg Ghaoth Dobhair ar na mallaibh.
*BBC is not responsible for the content of external sites