BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

CLÁR 6

Le hamharc ar Shliochtanna as Clár 6 cliceáil anseo

The Flaws

Chuaigh an chéad albam ó The Flaws ‘Achieving Vagueness’ isteach i gCairteacha na hÉireann ag Uimhir 18 agus d’fhan sa chéad 30 ar feadh trí seachtaine. Tá léirmheasanna iontacha faighte ag an albam i bpreas na hÉireann – tugadh 4 as 5 dó in ‘The Ticket’ agus in ‘Day and Night’ araon. De réir John Meagher, ‘Tá na Flaws i ndiaidh albam Éireannach na bliana a chruthú’.

www.theflaws.com*

Foy Vance

Is fada an turas atá déanta ag Foy Vance. Thosaigh sé mar cheoltóir cónaitheach sa Rotterdam Bar i mBéal Feirste ach anois tá a cheol á mholadh go hard na spéire i Nua-Eabhrac – eisean a chum agus an sheinn an ceol do Grey’s Anatomy agus tá conradh aige anois le hiarbhainisteoirí Joss Stone. Tá a ainm in airde i saol an anamcheoil agus is mór an díol bróid é dúinne i dTuaisceart Éireann.


www.foyvance.com*

Aoi - Foy Vance

Foy Vance will also be our guest this week, your chance to hear how it all started out to his latest adventures.

Exposé: Drugaí

An bhfuil an t-aos óg chomh drabhlásach agus tugtha do na drugaí agus a bhíonn na carachtair i gcláir theilifíse mar Seacht agus Skins? Nó an amhlaidh go samhlaíonn léiritheoirí teilifíse saol níos spraíúla leis an aos óg ná mar a bhíonn acu i bhfírinne? An tseachtain seo, amharcaimid ar an teoiric go mbíonn daoine óga róghafa le scrúduithe, le cairde agus le hobair pháirtaimseartha le bheith gafa le drugaí crua. Lean Imeall Geal triúr cairde agus iad ag bualadh le chéile faoi choinne pionta agus craice i ndiaidh na scoile – léiríonn siadsan go mbíonn an t-aos óg i bhfad níos freagraí ná mar a shíltear!

*BBC is not responsible for the content of external sites