News imageVideoPhotos
BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

Bookmark this page

  • Bookmark with Digg
  • Bookmark with Facebook
  • Bookmark with Reddit
  • Bookmark with Delicious
  • Bookmark with StumbleUpon
  • Bookmark with Simpy

Imeall Geal


Is clár úrnua é Imeall Geal (Bright Edge), clár ionraic, ábhartha, paiseanta a bhfuil scoth na cainte agus na siamsaíochta ann! Triúr de na nua-láithreoirí is fearr i gCúige Uladh a bheidh i mbun na scléipe: Tomaí Ó Conghaile (Blas Raidió Uladh an BBC), Gráinne McElwain (láithreach ildánach de chuid TG4) agus Eoghan Mac Diarmada (láithreoir Pop4 le TG4). Beidh meascán corraitheach fuinniúil ann, idir agallaimh, cheol agus chomhrá leis an lucht féachana, é uilig á stiúradh le greann agus gaois ag na láithreoirí! Clár oscailte, greannmhar é agus is iomaí cor agus lúb a bheidh ann, is dócha! Clár reatha a rithfidh leis! Beidh scoth an cheoil sa chlár seo chomh maith le scoth na cainte – beidh mórcheoltóirí ag seinm beo os comhair lucht féachana de chuid an cheantair.

Chomh maith leis sin, tabharfaidh Imeall Geal deis do scannánóirí óga agus lucht buailte bob a gcuid blaganna, gearrscannán, geansceitsí nó mionchlár fáisnéise a thaispeáint nó a racht a ligean ar BBC2 mar chuid den chlár.

Beidh seónna á dtaifeadadh gach tráthnóna Domhnaigh ar an Iúr idir 6ú Eanáir agus 2ú Márta. Tá Ticéid ar fáil saor in aisce don lucht féachana ach dul i dteagmháil le ig@bbc.co.uk


Contact us
Cuir chugainn do chuid grianghraf nó nasc chuig an fhíseán s’agat agus taispeánfaimid an ceann is fearr anseo

View our MySpace page

http://www.myspace.com/imeallgeal
BBC is not responsible for the content of external sites

Tomaí Ó ConghaileTomaí Ó Conghaile
Is láithreoir é Tomaí Ó Conghaile ar Blas, clár irise Gaeilge Raidió Uladh an BBC. Is cainteoir fuinniúil Gaeilge é as Cill Shléibhe, gar don Iúr. Tá sé 25 bliana d’aois. more>>

Gráinne McElwainGráinne McElwaine.

Is as Béal Átha an Fhóid in aice leis an Bhoth i dtuaisceart Mhuineacháin do Ghráinne McElwain. Tá roinnt mhaith blianta caite aici ag obair i gcúrsaí ... more>>

Eoghan Mac DiarmadaEoghan Mac Diarmada

Tá Eoghan Mac Diarmada 23 bliana d'aois agus is céimí de chuid UCD é le polaitíocht agus Gaeilge. Is príomhcharachtar é sa dráma úr de chuid TG4, 'Seacht', more>>