BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

CLÁR 5

Le hamharc ar Shliochtanna as Clár 5 cliceáil anseo

Gareth Dunlop

Tá Gareth 19 mbliana d’aois. Is ceannaire, príomhamhránaí agus cumadóir amhrán é agus beidh sé sa stiúideo lena bhanna a bhfuil taithí mhór acu mar cheoltóirí seisiúin. Tá glór piachánach aige a thabharfadh Joe Cocker i do cheann agus cumann sé amhráin bunaithe ar an anamcheol/R & B, amhráin phaiseanta a thagann díreach ón chroí agus ar deacair a chreidiúint gur duine chomh hóg a chum iad.

www.myspace.com/burntfacedjake*

Liam ó Maonlaí

“Ní liom an ceol traidisiúnta. Is leis mé, mar is leis an tír seo mé.” Is éasca an dúil seo sa cheol a thuiscint agus tú ag amharc ar Liam Uí Mhaonlaí, ceannaire na Hothouse Flowers, i mbun ceoil.


www.myspace.com/liamomaonlaimusic*

Aoi - Liam ó Maonlaí

Beidh Liam Ó Maonlaí ag seinm sa stiúideo an tseachtain seo agus chomh maith leis sin, beidh deis agat do rogha ceist a chur air.

Exposé:

Teanga an ghrá
Déanfaidh ár láithreoirí rud ar bith ar mhaithe le hImeall Geal, ar ndóigh, gan cuimhneamh ar mhíchompord ná ar náire, agus is dúshlánach deacair an tasc atá le déanamh acu an tseachtain seo! Cé acu a bheidh ábalta an líon is mó uimhreacha gutháin a bhailiú ó chailíní agus iad amuigh don oíche ar an Iúr? Agus más dóigh leat gur beag an dúshlán é don bheirt scafairí seo, tá dhá choinníoll orthu – tá cosc iomlán ar an Bhéarla, agus níl cead acu rud ar bith a scríobh! Cuireann Tomaí cluain ar na mná le teanga theasaí na Spáinne, agus beidh Eoghain ag iarraidh bheith “gnéasúil as Gaeilge”. Cé aige a mbeidh an bua sa turgnamh righin eolaíochta seo? Cé acu teanga is fíorchanúint an ghrá í – An Ghaeilge nó an Spáinnis?

*BBC is not responsible for the content of external sites