[an error occurred while processing this directive]
16 October 2014 |
Le hamharc ar Shliochtanna as Clár 4 cliceáil anseo
Is ceoltóir nua í Meghan a thabharfadh Joni Mitchell i do cheann. Tá sí ag dul i bhfeidhm go mór ar shaol an cheoil mar amhránaí agus mar chumadóir amhrán faoi láthair. Agus ní nach ionadh, mar is dual athar di an ceol – is iníon í leis an sárcheoltóir David McWilliams, nach maireann.
www.myspace.com/meghanjuliemcwilliams*
Ba phríomhghiotáraí é Henry le Wings Paul McCartney agus le Grease Band Joe Cocker. Bhí baint aige le chóir a bheith gach gné den rac-cheol lena ré agus bhí sé bainteach le cuid de na heachtraí is clúití agus is glórmhaire i stair an rac-cheoil – sheinn sé ag Woodstock, mar shampla! Tá sé ina chónaí i dTuaisceart Éireann arís anois agus is iomaí lucht féachana atá curtha faoi dhraíocht aige ó d’fhill sé!
www.myspace.com/henrymccullough*
Tá fochultúr faoi bhláth i mBéal Feirste faoi láthair nár chuala an chuid is mó againn trácht air, fochultúr a bhfuil MCanna, brisdamhsóirí agus ceirneoirí ann. Tá rath chomh mór sin ar an fhochultúr seo go bhfuil dráma darb ainm ‘Streetwise’ scríofa ag Daryll Forsythe, mac léinn ar Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, faoin nasc a dhéantar go minic na laethanta seo idir ceol hip hap agus dronga, drugaí agus coirpeacht.Fiosraíonn ár saineolaí sa phopchultúr, Eoghan McDermott, an ealaín uirbeach seo agus baineann sé triail as an damhsa hip hap, as an bhrisdamhsa agus as ceird an MC. Fiosraíonn sé stair an fhochultúir seo i mBéal Feirste agus cuireann sé an cheist is tábhachtaí – ‘An fíor go bhfuil an hip hap marbh?’
Bhí baint ag Henry McCullough le chóir a bheith gach gné den rac-cheol lena ré agus bhí sé bainteach le cuid de na heachtraí is clúití agus is glórmhaire i stair an rac-cheoil. Is as Cúil Raithin ó dhúchas é agus tá ceol seinnte aige le leithéidí Joe Cocker, Jimi Hendrix, The Grease Band, Paul McCartney and Wings, Marianne Faithfull, Donovan, Tim Rice, Andrew Lloyd Webber agus Pink Floyd.
I ndiaidh dó seinm ag Woodstock (eachtra atá sa táin, ar ndóigh!) rinne sé triail leis an iar-Beatle Paul McCartney agus bhí Henry i Wings nuair a cuireadh an banna ar bun, i gcuideachta Danny Seiwell, Denny Laine agus Linda McCartney – is iomaí athrú a bhí ar fhoireann Wings ina dhiaidh sin, ach is dóigh lena lán nár sáraíodh an chéadfhoireann sin riamh.
Tá na mílte scéal ag Henry faoi na rac-cheoltóirí móra ar sheinn sé leo.
Chomh maith leis sin, tá an-imní air faoi chinniúint an Rotterdam – seinneann sé ann go measartha rialta agus is dóigh leis gur nasc beo atá ann le seanlaethanta shaol an cheoil i dTuaisceart Éireann.
*BBC is not responsible for the content of external sites