[an error occurred while processing this directive]
16 October 2014 |
Le hamharc ar Shliochtanna as Clár 9 cliceáil anseo
'Rac-cheol teasaí fiáin den tseandéanamh a chuireann bíogadh san fhuil agus a dhéanann camchuairt trí U2, na Foos agus The Vines. Tá ceathrar sa bhanna Fheirsteach seo ‘The Beat Poets’ a thabhaigh clú dóibh féin ó fuair siad a gcéad deis mhór nuair a iarradh orthu tacú leis na Chemical Brothers agus iad ar turas.’ NME 18/11/06
www.myspace.com/republicofloose*
De réir cosúlachta is dóigh le Tomaí nach bhfuil duine ar bith ann nach dtiocfadh leis Gaeilge a theagasc dó! Bhal, beidh le feiceáil, mar sa chlár seo beidh Tomaí ag tabhairt cuairte ar Scoil Ríoga Phort Abhla in Inis Ceithleann agus ar Choláiste Dhroim Rátha ar an Ómaigh le rang Gaeilge a theagasc do dhaoine bochta nach bhfuil an cúpla focal féin acu! Bíodh Gaeilge ag an phobal an mana atá ag Tomaí, fiú i scoil stáit agus i scoil imeasctha, áiteanna nach mbíonn trácht ar an teanga de ghnáth. B’fhéidir gurb í an teanga is sine san Eoraip í ach bí cinnte nach í an teanga is lú craic í!
*BBC is not responsible for the content of external sites