Information for parents and teachers about Trioblóid sa Pháirc (Park Trouble). Irish language PSE games for Key Stage 2.

Trioblóid sa Pháirc



Cuspóir: Sábháil an pháirc áitiúil, atá imithe i léig, trí athruithe a dhéanamh le daoine a mhealladh chuici. Socraigh ar na feabhsuithe a dhéanfaidh tú agus déan iarracht gach duine a bhaineann úsáid as an pháirc a shásamh.

Is é Mícheál an ball grúpa a chuireann an ghníomhaíocht i láthair agus beidh sé ar fáil le comhairle a chur ort más gá.

Carachtair
Is iad Tomás, Síle agus Ríona na trí charachtar a chaithfidh tú a shásamh.

Ba mhaith le Tomás, buachaill a bhíonn ag súgradh sa pháirc:
•níos mó trealamh súgartha
•a fháil réidh leis na madraí
•áit a dtiocfadh leis na lachain a bheidh ag snámh ann.

Ba mhaith le Síle, máthair a bhfuil páistí óga aici:
•riail le cosc a chur ar bhruscar
•a fháil réidh leis na madraí a bhíonn ag rith thart sa pháirc
•áit súgartha dá páistí
•go gcóireofaí an geata.

Ba mhaith le Ríona, seanmháthair a bhfuil madraí aici:
•bláthanna agus toir nua don pháirc
•go mbogfaí láthair na gcluichí liathróide
•áit suí
•a fháil réidh leis an ghraifítí
•limistéar fiadhúlra do na lachain.

Feabhsuithe
Thig leat na feabhsuithe seo a leanas a dhéanamh:
•crainn agus bláthanna
•troscán páirce agus boscaí bruscair
•trealamh don chlós súgartha
•scairdeáin uisce
•ballaí ar féidir múrmhaisithe agus graifítí a tharraingt orthu
•rialacha agus fógraí nua.

Gníomhaíochtaí
Caithfidh tú na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh le go mbeidh fáil agat ar áiseanna:

Taighde ar Bhruscar
Amharc ar fhíseán de dhaoine óga ag déanamh múirín do ghairdín poiblí. Tabhair na freagraí cearta ar na ceisteanna le boscaí bruscair a bhaint don pháirc.

Taighde Gairdín
Amharc ar fhíseán ina míníonn daoine óga cad iad na buntaistí agus míbhuntaistí a bhaineann le fuinneamh gaoithe. Tabhair na freagraí cearta ar na ceisteanna le plandaí a bhaint don pháirc.

Litir a Scríobh
Áitigh ar an chomhairleoir cead a thabhairt duit riail nua a chumadh le fíneáil a ghearradh ar dhaoine a chaitheann bruscar sa pháirc.

>Gabh chuig Trioblóid sa Pháirc





BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.