Information for parents and teachers about Bí Gníomhach, Irish language Personal and Social Education (PSE) games for KS 2.


Tá 'Bí Gníomhach' ar cheann de roinnt suíomhanna gréasáin Gaeilge dírithe ar pháistí atá ag obair i dtreo Leibhéal 1 agus 2 den Churaclam Barr Feabhais. Ar na háiseanna eile atá ar fáil tá:


Tá cuidiú de dhíth ar mhuintir An Bhaile Aird! Tá sé chluiche in Bí Gníomhach a bhaineann le hOideachas Pearsanta agus Sóisialta. Is é an dúshlán atá romhat, na fadhbanna atá ag pobal an bhaile seo atá imithe i léig a réiteach. Tá físeáin ghearra ann chomh maith, ina dtaispeántar tionscnaimh a rinneadh i scoileanna áitiúla, le heolas a chur ar fáil do na daltaí agus lena spreagadh.

Tá sé thionscadal aitheanta ag Grúpa Gníomhaíochta na nDea-Shaoránach le saol mhuintir an bhaile a fheabhsú. Tá gach tasc curtha i láthair ag ball den ghrúpa agus beidh an duine seo le feiceáil sa chluiche le comhairle a chur ar fáil nuair is gá.

I ngach tasc, beidh ort earraí nua nó earraí eile a chur in ionad seanearraí nó earraí atá briste. Beidh ort cuid de na hearraí nua seo a shaothrú trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh a bhfuil baint acu leis an ábhar.

Is í an aidhm atá ann, gach ball den phobal a shásamh. Tá comhréiteach mar théama i ngach ceann de na sé thionscadal. Le go n-éireoidh leat i ngníomhaíocht ar bith, beidh ort barúlacha na mball éagsúil den phobal a chur san áireamh agus bealach cuí chun cinn a roghnú.

Le tabhairt faoi na tascanna, cliceáil ar na háiteanna éagsúla ar an amharc anuas den bhaile. Is féidir na tascanna a dhéanamh in ord ar bith.

Trioblóid sa Pháirc
Furasta. Áit mhaith le tosú. Tá an páirc imithe i léig agus níor mhaith le duine ar bith dul ann a thuilleadh! Déan feabhsuithe le daoine a mhealladh chun na páirce arís.

Achrann na Rosán
Furasta. Thug an chomhairle airgead duit le tuilleadh feabhsuithe a dhéanamh ar an pháirc. Faigh amach cad é ba mhaith le muintir na háite agus déan iarracht iad uilig a shásamh.

Fadhbanna Am Súgartha
Measartha doiligh. Tá drochbhail ar fad ar chlós súgartha na scoile! Cuidigh leis na páistí feabhsuithe a dhéanamh le gach duine a choinneáil sásta ag am súgartha.

Achrann Scoile
Measartha doiligh. Ní maith leis na daltaí dinnéir na scoile agus níor mhaith le duine ar bith úsáid a bhaint as na leithris cháidheacha! Cuidigh leis na páistí feabhsuithe a dhéanamh sa bhialann, sa leabharlann agus sna leithris, a mbeidh gach duine sásta leo.

Comharsanacht Chráite
Doiligh. Tá na siopaí uilig druidte agus níl rud ar bith le déanamh sa chuid seo den bhaile atá imithe i léig! Déan athruithe le gach duine a choinneáil sásta agus lena chinntiú go mbeidh rudaí le déanamh ag daoine óga ina gcuid ama féin.

Deacrachtaí Baile
Doiligh. Tá an chomhairle ag iarraidh athfhorbairt a dhéanamh ar lár an bhaile. Cuidigh leo a chinntiú go rachaidh seo chun sochair don phobal iomlán agus go mbeidh muintir na háite agus lucht gnó an bhaile sásta.

Leideanna

•Cuir agallamh ar na carachtair sula dtosaíonn tú ar na tascanna. Bíonn sé ina chuidiú taighde a dhéanamh ar bharúlacha agus smaointe sula ndéanann tú cinntí ar bith.

•Cuimhnigh air go bhfuil riachtanais éagsúla ag carachtair éagsúla agus nach ionann na rudaí is maith / nach maith le gach carachtar. Thiocfadh leat cinneadh a dhéanamh a mbeadh carachtar amháin an-sásta leis ach a mbeadh carachtar eile go hiomlán míshásta faoi. Smaoinigh ar fhreagairtí na gcarachtar éagsúil sula ndéanann tú rud ar bith.

•Ná déan dearmad gur féidir fadhb eile a chruthú trí fhadhb amháin a réiteach. Is féidir nach bhfaighidh tú gach rud i gceart an chéad uair ach ná héirigh as!

Cuidiú fuaime agus físe
Cliceáil ar an chnaipe Roghanna leis na rudaí seo a leanas a dhéanamh:
•méid an téacs ar an scáileán a athrú agus an téacs agus na dathanna sa chúlra a athrú
•éisteacht leis an téacs ar an scáileán
•foscríbhinn i gcás an chuid is mó den ábhar físe agus fuaime a fheiceáil.

Níl na roghanna seo ar fáil agus tú sa rannán Eolas.

Thig leat nascleanúint a dhéanamh ar an mhéarchlár i gcás an chuid is mó den ábhar.

Dul Chun Cinn a Shábháil
Cliceáil ar an chnaipe Sábháil le dul chun cinn a shábháil. Ní féidir dul chun cinn a shábháil ach ar an ríomhaire ar bhfuil tú ag obair, agus ní bheidh tú in ann é a lódáil ach ar an ríomhaire áirithe sin amach anseo.





BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.