Information for parents and teachers about Bí Gníomhach, Irish language Personal and Social Education (PSE) games for KS 2.


Cliceáil ar shuíomh ar an léarscáil le tús a chur le tasc. Labhróidh ball de Ghrúpa Gníomhaíochta na nDea-shaoránach faoin fhadhb atá le réiteach.

Logáil isteach
Caithfidh tú logáil isteach le dul chun cinn a shábháil. Beidh ort próifíl a chruthú a choinneofar ar an ríomhaire ar a bhfuil tú ag obair. Roghnaigh ainm uathúil agus bain úsáid as le do phróifíl a lódáil amach anseo.

Tig leat próifíl ar leith nó gach próifíl ar an ríomhaire a scriosadh trí dhul chuig an leathanach bainistithe próifíle.

Carachtar a chruthú
Is é seo a carachtar a bheidh agat sa chluiche. Roghnaigh:
•d'ainm
•an áit a bhfuil cónaí ort
•d'inscne
•dath craicinn
•feisteas cinn
•dath agus stíl ghruaige
•éadaí, bróga agus oiriúintí.

Nuair a bheidh tú sásta le do charachtar, cliceáil ar an tsaighead tosaithe.

Gluaiseacht
gluaiseacht
Le do charachtar a bhogadh, cliceáil ar áit ar bith a n-athraíonn an cúrsóir ina phéire bróg. Le dul chuig an chéad áit eile, bog an cúrsóir chuig imeall an scáileáin. Tig leat an léarscáil a úsáid fosta le bheith ag bogadh thart.

Léarscáil
léarscáil
Cliceáil ar dheilbhín na léarscáile le léarscáil inmhéadaithe den tasc ar a bhfuil tú ag obair a fheiceáil. Bog chuig cearnóg eile trí chliceáil uirthi. Léiríonn an léarscáil suíomh na gcarachtar a chaithfidh tú a shásamh leis an tasc a chur i gcrích.

Carachtair
badu
Tá na carachtair a chaithfidh tú a shásamh le feiceáil ag barr an scáileáin. Tá méadar áthais in aice le gach duine acu a chuireann in iúl cé chomh sásta agus atá siad. Gheobhaidh tú leid ón aoibh atá orthu chomh maith! Rachaidh na hathruithe a dhéanfaidh tú agus tú ag imirt an chluiche i bhfeidhm orthu.

Beidh na carachtair seo le feiceáil sa chluiche é féin chomh maith. Cliceáil orthu lena fháil amach cad é atá siad ag iarraidh ort a dhéanamh. Seasann gach cearnóg dhearg sa bholgán cainte do rud ba mhaith leo a insint duit.

Má fheiceann tú an ball den ghrúpa a chuir an fhadhb i láthair in ionad na léarscáile, cliceáil air nó uirthi le comhairle a fháil.

Feabhsuithe a Dhéanamh

•Le hearraí nua a chur in ionad earraí briste, roghnaigh na hearraí nua ó na pailéid ar clé.

•Má athraíonn an cúrsóir ina chasúr agus castaire nuair a chliceálann tú ar earraí inathraithe sa chluiche, cuireann sin in iúl gur féidir earraí eile a chur ina n-áit.

•Má athraíonn an cúrsóir ina chomhartha uaillbhreasa cuireann sin in iúl tú a bheith thar fhógra ar féidir fógra nua a chur ina áit.

•Cliceáil ar an earra ar mhaith leat earra eile a chur ina áit agus ansin cliceáil ar an rud ba mhaith leat a chur ina áit.

•Más mian leat earra a chuir tú féin isteach a scriosadh, cliceáil air agus ansin cliceáil ar an chnaipe liath a bhfuil cros bhán air.

•I gcás cnaipí a bhfuil glas fraincín orthu, caithfidh tú an glas a oscailt trí na gníomhaíochtaí a chur i gcrích.

•Cliceáil ar Cuidiú lena fháil amach faoi na dóigheanna a n-athraíonn an cúrsóir.

Gníomhaíochtaí
gníomhaíochtaí
Déan na gníomhaíochtaí seo lena chinntiú go mbeidh fáil agat ar áiseanna don tasc ar a bhfuil tú ag obair. Cliceáil ar an deilbhín le liosta de na gníomhaíochtaí a bhaineann le gach tasc a fheiceáil.

Gníomhaíocht taighde
taighde
Amharc ar fhíseáin ghearra faoi thionscadail scoile ábhartha agus ansin freagair na ceisteanna ilroghnacha. Má fhaigheann tú an freagra ceart, beidh fáil agat ar níos mó áiseanna. Tig leat amharc ar na físeáin le fotheidil nó gan fotheidil.

Coimhlint a réiteach
réiteach coimhlinte
Tá tú i gceannas ar fhoireann agus caithfidh tú teacht ar chomhréiteach a bhfuil beirt, ar a laghad, as foireann de thriúr sásta leis.

Cuir an cúrsóir thar na pictiúir de gach duine, éist leis na trí ráiteas a dhéanann gach duine acu agus ansin cliceáil ar an ráiteas is tábhachtaí ó gach trí cinn, dar leat. Cuirfear na ráitis sin isteach i do leabhar nótaí.

Ansin, feicfidh tú trí phlean. Roghnaigh plean a mbeidh beirt ar a laghad as an thriúr sásta leis, le go mbeidh fáil agat ar níos mó áiseanna don tasc.

Tionscadal bailithe airgid
tiomsiú airgid
Pleanáil ócáid shamhailteach le hairgead a bhailiú le níos mó áiseanna a cheannach don tionscadal.

Ar dtús, roghnaigh foireann cur, beidh daoine de dhíth ort le tabhairt faoi na trí ról seo a leanas:
•bailitheoir airgid
•oifigeach poiblíochta
•cuiditheoir.

Cuir an cúrsóir thar na pictiúir de gach duine lena gcuid tréithe a fheiceáil. Tugadh scór dóibh bunaithe ar na scileanna atá acu maidir le bheith ag plé le daoine, a gcuid scileanna eagrúcháin agus a ndíograis. Bain úsáid as na saigheada dearga le scrollú trí na daoine atá ar fáil.

Ansin, molfaidh na baill foirne trí smaoineamh an duine. Cliceáil ar an smaoineamh is fearr atá ag gach duine acu agus cuirfear na smaointe i do leabhar nótaí.

Cliceáil ar an tsaighead le halt nuachtáin a fheiceáil a chuirfidh in iúl duit cé acu a d'éirigh leis an ócáid bhailithe airgid nó nár éirigh.

Litir a scríobh
litir
Scríobh litir chuig duine a bhfuil údarás aige/aici le háitiú air/uirthi rud éigin a dhéanamh a bheidh ina chuidiú agat an tasc a chur i gcrích.

Leis an litir a chur le chéile, roghnaigh trí abairt leis na bearnaí sa teimpléad litreach a líonadh. Cliceáil ar spás bán sa litir agus ansin roghnaigh ceann amháin de na trí abairt a bheidh le feiceáil.

Cliceáil ar an tsaighead ar aghaidh. Má d'éirigh leat sa ghníomhaíocht, beidh fáil agat ar na háiseanna a d'iarr tú.

Cuidiú
cuidiú
Cliceáil ar an deilbhín Cuidiú sa choirnéal deas ag barr an scáileáin lena fháil amach faoi na hathruithe a thagann ar an chúrsóir agus tú ag imirt an chluiche.

Áiseanna
áiseanna
Tá fáil agat ar líon áirithe áiseanna lena n-úsáid don tionscadal. Léiríonn an barra 'Áiseanna' sa choirnéal deas ag barr an scáileáin líon na n-áiseanna atá fágtha agat.

Sábháil
sábháil
Agus tú logáilte isteach faoi do phróifíl féin, tig leat dul chun cinn a shábháil trí chliceáil ar an deilbhín Sábháil sa choirnéal deas ag barr an scáileáin.





BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.