Information for parents and teachers about Deacrachtaí Baile (Town Trouble). Irish language PSE games for Key Stage 2.


Cuspóir: Spreag na daoine áitiúla agus lucht gnó na háite le teacht ar chomhaontú maidir le cén dóigh ar chóir don chomhairle athfhorbairt a dhéanamh ar lár an bhaile. Caithfidh tú plé leis na mórcheisteanna agus na fadhbanna agus a chinntiú go ndéanfar freastal ar riachtanais an phobail iomláin.

Is í Aisling an ball grúpa a chuireann an ghníomhaíocht i láthair agus beidh sí ar fáil le comhairle a chur ort más gá.

Carachtair
Is iad Ruairí, Muireann, Mairéad, Badu agus Art na cúig charachtar a chaithfidh tú a shásamh.

Ba mhaith le Ruairí, a bhfuil seastán margaidh aige:
•níos mó daoine a mhealladh chun an bhaile
•go mbainfí feidhm as na foirgnimh fholmha
•níos mó spásanna páirceála
•ionad fóillíochta atá saor le húsáid
•áit tionóil do dhaoine óga
•tabhairt ar ghnólachtaí áitiúla na sráideanna a dhéanamh níos tarraingtí.

Ba mhaith le Muireann, atá ina chónaí sa cheantar seo:
•ionad pobail
•busanna do lucht siopadóireachta
•go ndruidfí na siopaí san oíche
•áit a dtiocfadh léi bualadh lena cuid cairde saor in aisce.

Ba mhaith le Mairéad, a bhfuil siopa aici:
•carrchlóis do lucht siopadóireachta
•níos mó siopaí
•airgead a bhailiú le gairdín cuimhneacháin a thógáil
•iompar poiblí níos fearr.

Ba mhaith le Badu, a bhuaileann lena chuid cairde i lár an bhaile:
•clubanna saor in aisce do dhaoine óga
•bóithre atá sábháilte go leor le bheith ag rothaíocht orthu
•iompar poiblí níos fearr
•áit a dtiocfadh leis bualadh lena chuid cairde
•níos mó siopaí.

Ba mhaith le hArt, a oibríonn le comhlacht áitiúil:
•níos mó siopaí agus gnólachtaí a mhealladh
•go mbeadh gairdín sa mhargadh
•go mbeadh an baile níos sábháilte san oíche.

Feabhsuithe
Thig leat na feabhsuithe seo a leanas a dhéanamh:
•siopaí nua
•seastáin mhargaidh nua
•troscán sráide
•oifigí, pictiúrlann, carrchlós, ionad fóillíochta, dánlann, ionad pobail
•ceamaraí slándála, stadanna bus, lánaí rothar
•rialacha nua maidir le siopaí a bheith oscailte go mall san oíche.

Gníomhaíochtaí
Caithfidh tú na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh le go mbeidh fáil agat ar acmhainní:

Taighde ar Dhaoine Óga
Amharc ar fhíseán gearr faoi bhean a dhéanann obair dheonach. Tabhair na freagraí cearta ar na ceisteanna le muintir óg an bhaile a shásamh agus le cuidiú le daoine níos sine a gcuid fadhbanna a thuiscint.

Litir a Scríobh
Áitigh ar chomhairleoir áitiúil cuidiú le cártaí lascaine don phictiúrlann agus don ionad fóillíochta a chur ar fáil do mhuintir óg an bhaile.

Coimhlint maidir leis an Athfhorbairt a Réiteach
Éist leis na barúlacha éagsúla maidir le lár an bhaile a athfhorbairt. Roghnaigh plean atá ina chomhréiteach praiticiúil, agus a fhaigheann dhá vóta ar a laghad as triúr, le foirgnimh, siopaí, seastáin mhargaidh, troscán sráide, boscaí bruscair agus gnéithe a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a bhaint.

Coimhlint maidir leis an Charrchlós a Réiteach
Éist leis na barúlacha éagsúla maidir le cad é ba chóir a dhéanamh leis an charrchlós i lár an bhaile. Roghnaigh plean atá ina chomhréiteach praiticiúil, agus a fhaigheann dhá vóta ar a laghad as triúr, le carrchlós ilstórach a fháil, carrchlós a bheidh in úsáid nuair a bheidh an ghníomhaíocht athfhorbartha curtha i gcrích.

Airgead a Bhailiú
Bailigh airgead le plandaí a cheannach le go mbeidh lár an bhaile níos tarraingtí.

>Gabh chuig Deacrachtaí Baile





BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.