Information for parents and teachers about Achrann Scoile (School Dispute). Irish language PSE games for Key Stage 2.


Cuspóir: Cuidigh leis na páistí na háiseanna sa scoil a fheabhsú. Tá dinnéir na scoile míshláintiúil, tá na leithris cáidheach agus níl sa leabharlann ach seanrudaí briste. Mar is gnách, níl gach duine ar aon intinn maidir le cad é ba chóir a dhéanamh.

Is í Máire an ball grúpa a chuireann an ghníomhaíocht seo i láthair agus beidh sí ar fáil le comhairle a chur ort más gá.

Carachtair
Is iad Tomás, Muireann, Eithne, An tUasal Mac Muiris agus Bean Uí Cheallaigh na ceithre charachtar a chaithfidh tú a shásamh.

Ba mhaith le Tomás, dalta de chuid na scoile:
•airgead a bhailiú leis na leithris a fheabhsú
•níos mó ríomhairí don leabharlann.

Ba mhaith le Muireann, dalta de chuid na scoile:
•dinnéir scoile níos sláintiúla
•bialann scoile níos fearr
•rialacha nua le stad a chur le tromaíocht
•go mbeadh cead ag daoine áitiúla úsáid a bhaint as an leabharlann
•níos mo ríomhairí.

Ba mhaith le hEithne, dalta de chuid na scoile:
•go mbeadh cead ag daoine áitiúla úsáid a bhaint as an leabharlann
•leithris níos fearr.

Ba mhaith leis an Uasal Morris, príomhoide na scoile:
•teacht ar chomhréiteach maidir le dinnéir na scoile
•caidreamh níos fearr leis an phobal
•a fháil amach cad é ba mhaith leis na páistí a ithe
•áiseanna leabharlainne níos fearr
•cuireadh a chur ar dhaoine áitiúla teacht chun na scoile
•leithris níos fearr.

Is é ba mhaith le Bean Uí Cheallaigh, tuismitheoir agus bean lóin:
•leithris níos fearr
•rialacha nua le stad a chur le tromaíocht
•áiseanna leabharlainne níos fearr
•bia a mbeadh na páistí sásta é a ithe
•bialann scoile níos fearr.

Feabhsuithe
Thig leat na feabhsuithe seo a leanas a dhéanamh:
•ríomhairí nua don leabharlann
•boscaí bruscair agus athchúrsála
•táblaí agus cathaoireacha nua
•seilfeanna agus leabhragáin nua don leabharlann
•na leithris a athchóiriú agus a athmhaisiú
•daingneáin agus feistí nua sna leithris
•roghanna sláintiúla bia sa bhialann
•rialacha agus fógraí nua.

Gníomhaíochtaí
Caithfidh tú na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh le go mbeidh fáil agat ar áiseanna:

Taighde ar Bhia Sláintiúil
Amharc ar fhíseán ina dtaispeántar páistí agus múinteoir ag déanamh taighde ar bhia sláintiúil. Tabhair freagraí cearta ar na ceisteanna le roghanna sláintiúla bia don bhialann a bhaint.

Taighde Frith-thromaíochta
Amharc ar fhíseán gearr ina dtaispeántar dráma a chum páistí scoile faoi thromaíocht. Tabhair na freagraí cearta ar na ceisteanna le rialacha scoile maidir le tromaíocht a bhaint.

Taighde ar Naisc leis an Phobal
Amharc ar fhíseán faoi thionscadal a rinne daltaí bunscoile le logainmneacha an cheantar a chur chun cinn. Tabhair na freagraí cearta ar na ceisteanna le fógraí a bhaint a bheidh mar chuidiú ag daoine áitiúla nuair a thiocfaidh siad chun na scoile leis an leabharlann a úsáid.

Airgead a Bhailiú
Bailigh airgead faoi choinne daingneán agus feistí nua i leithris na scoile.

Litir a Scríobh
Áitigh ar an phríomhoide riail nua a chur le rialacha na scoile.

Coimhlint maidir leis an Bhiachlár a Réiteach
Éist leis na barúlacha éagsúla ar na rudaí ba chóir do na daltaí a ithe don dinnéar agus socraigh ar cén dóigh a n-athróidh tú an biachlár. Roghnaigh plean atá ina chomhréiteach praiticiúil, agus a fhaigheann dhá vóta ar a laghad as triúr, le roghanna sláintiúla bia a fháil don bhialann.

>Gabh chuig Achrann Scoile





BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.