Information for parents and teachers about Comharsanacht Chráite(Neighbourhood Nuisance). Irish language PSE games for Key Stage 2.

Comharsanacht Chráite



Cuspóir: Cuidigh leis an chuid seo den bhaile, atá imithe i léig, a fheabhsú. Tá na siopaí uilig druidte agus níl rud ar bith le déanamh ann. Bíonn daoine óga ag máinneáil thart faoin áit agus ag cothú mioscaise. Déan feabhsuithe le gach duine a shásamh.

Is é Daithí an ball grúpa a chuireann an ghníomhaíocht i láthair agus beidh sé ar fáil le comhairle a chur ort más gá.

Carachtair
Is iad Badu, Muireann agus Ruairí na trí charachtar a chaithfidh tú a shásamh.

Ba mhaith le Badu, atá ina chónaí sa cheantar:
•siopaí nua
•tithe níos fearr
•bóithre níos sábháilte
•áiseanna do dhaoine óga.

Ba mhaith le Muireann, atá i ndiaidh bogadh chuig an cheantar:
•áiseanna athchúrsála
•siopaí nua
•sráideanna níos tarraingtí
•soilsiú níos fearr ar na sráideanna
•bóithre níos sábháilte
•gairdín pobail
•áit a dtiocfadh le Mamó bollaí a imirt!

Ba mhaith le Ruairí, a bhfuil beirt mhac sna déaga aige a chuidíonn leis a sheastán margaidh a reáchtáil:
•áiseanna do dhaoine óga
•bóithre níos sábháilte
•soilsiú níos fearr ar na sráideanna agus ceamaraí slándála
•siopa áitiúil
•sráideanna níos tarraingtí
•caiféanna agus áiteanna mearbhia
•áit caitheamh aimsire a bhfuil rud éigin ann do gach duine.

Feabhsuithe
Thig leat na feabhsuithe seo a leanas a dhéanamh:
•réimse de shiopaí áitiúla
•lampaí sráide de chineálacha éagsúla
•boscaí bruscair agus áiseanna athchúrsála
•áiseanna nua spóirt agus garraithe scóir
•trealamh sábháilteachta
•crainn agus ceapacha bláthanna
•rialacha nua.

Gníomhaíochtaí
Caithfidh tú na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh le go mbeidh fáil agat ar acmhainní:

Taighde ar Athchúrsála
Amharc ar fhíseán gearr ina dtaispeántar páistí scoile ag deánamh áthúsáid ar bhruscar. Gheobhaidh tú boscaí athchúrsála agus greamán do gach teach a ghlacann páirt sa scéim.

Taighde Gairdín
Amharc ar fhíseán ina míníonn daoine óga cad iad na buntaistí a bhaineann le gairdín poiblí a bheith acu.Tabhair na freagraí cearta ar na ceisteanna le plandaí agus binsí a fháil don ghairdín pobail.

Coimhlint maidir leis an Áit Caitheamh Aimsire a Réiteach
Éist leis na barúlacha éagsúla faoin dóigh leis an áit caitheamh aimsire a fheabhsú. Roghnaigh plean atá ina chomhréiteach praiticiúil, agus a fhaigheann dhá vóta ar a laghad as triúr, le háiseanna a fháil don áit caitheamh aimsire.

Coimhlint maidir le Siopaí Nua a Réiteach
Éist leis na barúlacha éagsúla maidir leis na siopaí nua ba mhaith le daoine a bheith ann. Roghnaigh plean atá ina chomhréiteach praiticiúil, agus a fhaigheann dhá vóta ar a laghad as triúr, le réimse siopaí a fháil don cheantar.

>Gabh chuig Comharsanacht Chráite





BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.