Cuspóir: Cuidigh leis na páistí clós súgartha na scoile a feabhsú. Níor mhaith le gach duine acu cluichí nua, áiteanna ciúine léitheoireachta, ná an bóthar taobh amuigh den scoil a bheith níos sábháilte!
Is í Máire an ball grúpa a chuireann an ghníomhaíocht i láthair agus beidh sí ar fáil le comhairle a chur ort más gá.
Carachtair
Is iad Eithne, Tómas agus Bean Uí Cheallaigh na trí charachtar a chaithfidh tú a shásamh.
Ba mhaith le Eithne, dalta de chuid na scoile:
•gairdín ciúin
•go mbeadh an bóthar taobh amuigh den scoil níos sábháilte
•go mbeadh cead ag na páistí fanacht istigh le bheith ag léamh.
Ba mhaith le Tomás, dalta de chuid na scoile:
•cluichí maithe
•go mbeadh an bóthar taobh amuigh den scoil níos sábháilte
•gairdín ina dtig leis cuidiú le glasraí a fhás
•go mbeadh cead ag na páistí fanacht istigh leis na ríomhairí a úsáid
•gairdín fiadhúlra.
Ba mhaith le Bean Uí Cheallaigh, tuismitheoir agus bean lóin:
•rogha leathan cluichí do na páistí
•go mbeadh an bóthar taobh amuigh den scoil níos sábháilte
•áit chiúin do na páistí ag am súgartha.
Feabhsuithe
Thig leat na feabhsuithe seo a leanas a dhéanamh:
•binsí agus táblaí picnice
•bláthanna agus glasraí
•clós súgartha ina mbeadh cluichí agus trealamh
•scairdeáin uisce
•boscaí bruscair agus athchúrsála
•táblaí éan, cochaill ghaoithe agus rampa faoi choinne cathaoireacha
•gnéithe a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre
•rialacha agus fógraí nua.
Gníomhaíochtaí
Caithfidh tú na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh le go mbeidh fáil agat ar achmhainní:
•Taighde ar Limistéar Léitheoireachta
Amharc ar fhíseán gearr faoi daltaí bunscoile ag bogadh go dtí an mheánscoil. Freagair na ceisteanna le suíocháin léitheoireachta a bhaint.
•Taighde ar Chlós Súgartha Eachtraíochta
Amharc ar fhíseán ina dtaispeántar comhairle scoile agus an dóigh a ndéantar cinntí mar gheall ar an scoil. Freagair na ceisteanna le trealamh a bhaint faoi choinne clós súgartha eachtraíochta.
•Airgead a Bhailiú
Pleanáil ócáid bhailithe airgid le hairgead a bhailiú le trealamh a cheannach faoi choinne clós súgartha eachtraíochta.
•Coimhlint maidir le Sábháilteacht ar an Bhóthar a Réiteach
Éist leis na barúlacha éagsúla maidir le sábháilteacht ar an bhóthar taobh amuigh den scoil. Roghnaigh plean atá ina chomhréiteach praiticiúil, agus a fhaigheann dhá vóta ar a laghad as triúr, le gnéithe a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a bhaint.
•Litir a Scríobh
Áitigh ar an phríomhoide riail nua scoile a chumadh le go mbeidh cead ag daltaí fanacht istigh ag am súgartha.