Information for parents and teachers about Achrann na Rosán Irish language Personal and Social Education (PSE) games for KS 2.


Cuspóir: Spreag muintir na háite le haontú ar an dóigh is fearr le hairgead na comhairle a chaitheamh ar fheabhsuithe breise sa pháirc. Níl gach duine ar aon intinn maidir le páirc scátála, caifé nó limistéar fiadhúlra a bheith ann.

Is é Mícheál an ball grúpa a chuireann an ghníomhaíocht i láthair agus beidh sé ar fáil le comhairle a chur ort más gá.

Carachtair
Is iad Tomás, Síle, Ríona, Badu agus Sorcha na cúig charachtar a chaithfidh tú a shásamh.

Is é ba mhaith le Tomás, buachaill a bhíonn ag súgradh sa pháirc:
•páirc scátála
•limistéar fiadhúlra
•boscaí bruscair
•áiseanna bia.

Ba mhaith le Síle, máthair a bhfuil páistí óga aici:
•bláthanna agus toir nua don pháirc
•caifé
•go ndéanfadh daoine machnamh ar an chostas mhór a bheadh ar pháirc scátála.

Ba mhaith le Ríona, seanmháthair a bhfuil madraí aici:
•áit a dtiocfadh léi cupán deas tae a fháil
•boscaí bruscair.

Ba mhaith le Badu, a thagann chun ná páirce le bheith ag clárscátáil lena chuid cairde:
•páirc scátála
•scairdeán uisce
•boscaí bruscair.

Ba mhaith le Sorcha, a thagann chun na páirce le bheith ag súgradh:
•limistéar fiadhúlra ina mbeadh plandaí agus uisce glan
•go ndéanfadh daoine machnamh ar cé acu a bheadh páirc scátála ina smaoineamh maith nó nach mbeadh.

Feabhsuithe
Thig leat na feabhsuithe seo a leanas a dhéanamh:
•trealamh don pháirc scátála
•caiféanna agus seastáin bhia
•troscán caifé
•boscaí bruscair agus athchúrsála
•troscán don pháirc
•limistéar fiadhúlra agus gnéithe maisiúcháin.

Gníomhaíochtaí
Caithfidh tú na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh le go mbeidh fáil agat ar áiseanna:

Taighde ar Pháirc Scátála
Amharc ar fhíseán gearr ina dtaispeántar páistí scoile ag caint ar thionscadal ar Thrádáil Chóir.Tabhair na freagraí cearta ar na ceisteanna le trealamh a bhaint don pháirc scátála.

Taighde ar Limistéar Fiadhúlra
Amharc ar fhíseán gearr ina dtaispeántar páistí scoile ag caint ar 'seachtain siúl chun na scoile'. Tabhair na freagraí cearta ar na ceisteanna le boscaí neadaireachta a bhaint.

Coimhlint na Páirce Scátála a Réiteach
Éist leis na barúlacha atá ag triúr daoine éagsúla maidir le páirc scátála a thógáil. Roghnaigh plean atá ina chomhréiteach praiticiúil, agus a fhaigheann dhá vóta ar a laghad as triúr, le trealamh don pháirc scátála a bhaint.

Airgead a bhailiú
Bailigh airgead lena chaitheamh ar fheabhsuithe fiadhúlra.

>Gabh chuig Achrann na Rosán





BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.