Eolas do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí ar 'Thart Orainn', áis tíreolaícohta atá dírithe ar pháistí 7-11 bliain d'aois
Turasóireacht
Díríonn an cás-staidéar seo ar Mallorca, oileán atá sa Mheánmhuir.
Sna gearrthóga físe agus fuaime seo, tugtar léargas ar shaol Mallorca agus meabhraítear ar an tionchar atá ag an ollturasóireacht ar an oileán.
Baineann físeáin eile le saoire ghníomhaíochta, saoire thraidisiúnta cois trá agus na himeachtaí speisialta a mheallann daoine go Mallorca.
Amharc ar na físeáin le foghlaim faoi na gníomhaíochta eachtrúla is maith le daoine a dhéanamh agus iad ar saoire agus le foghlaim faoi ócáidí a tharraingíonn 70 milliún duine chucu!
Gríosaíonn an cás-staidéar seo na páistí lena machnamh a dhéanamh ar na pointí seo a leanas:
•An tionchar atá ag an turasóireacht ar shaol Mallorca
•Na buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann leis an turasóireacht
•Na rudaí éagsúla a mheallann turasóirí chuig ceantar ar leith
•Áiteanna atá i mbaol mar gheall ar an turasóireacht
•Na cineálacha áite a dtéann siad féin ar saoire
•Saintréithe a gceantair féin