Eolas do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí ar 'Thart Orainn', áis tíreolaícohta atá dírithe ar pháistí 7-11 bliain d'aois

Eolas do thuismitheoirí agus do pháistí



Físuirlis

Is pacáiste físe é seo atá furasta a úsáid agus a chuireann ar a chumas don úsáideoir físeáin ghearra a chruthú dó féin.

Is féidir leis an úsáideoir gearrthóga ó na 6 chás-staidéir a roghnú agus a chur in ord chomh maith le fortheidil a chumadh agus rian ceoil a roghnú. Is uirlis 'solúbtha' é seo a ligeann don úsáideoir aithris a dhéanamh ar a bhfuil foghlamtha aige ó na cás-staidéir, scéal úr a insint, nó físeán a chruthú faoina thaithí féin.

•Tá rogha ag an úsáideoir maidir le fad na ngearrthóg - idir gairid, meánmhéid nó fada - agus tá siad rangaithe de réir théama na gcás-staidéar. Is féidir gearrthóga a réamhfheicéail ach iad a tharraingt isteach i bhfuinneog na bhfíseán. Más mian leis an úsáideoir iad a chur sa tsraith, níl le déanamh ach iad a tharraingt ar an amlíne físe.

•Le fortheidil agus teidil a chur leis an fhíseán, caithfidh an t-úsáideoir cliceáil ar bhosca na bhfortheideal i dtús báire chun iad a chruthú. Ansin is féidir iad a tharraingt ar an amlíne físe agus a chur ar an ghearrthóg chuí.

•Le ceol a chur leis an fhíseán ar fad, cliceáiltear ar an phainéal dar teideal roghnaigh rian fuaime ag bun an scáileáin.

•Is féidir leis an úsáideoir a chuid oibre a shábháil ar an ríomhaire ar a bhfuil sé ag obair ach cliceáil ar an deilbhín 'sábháil'. Ní bheidh sé in ann an fhíseán seo a athlódáil ná a fheiceáil ar ríomhaire ar bith eile.

•Thig leis an úsáideoir treoracha céim-ar-chéim a fheiceáil faoi úsáid na Físuirlise ach cliceáil ar an aghaidh chairdiúil.


Primary Learning Sites in Irish

Secondary Learning Sites

Primary Learning Sites in English


BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.