Eolas do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí ar 'Thart Orainn', áis tíreolaícohta atá dírithe ar pháistí 7-11 bliain d'aois
An Domhan
Is áis tíreolaíochta í seo atá dírithe ar pháistí 7 - 11 bliain d'aois. Cuideoidh sí leo 5 ghné den tíreolaíocht dhaonna a thuigbheáil agus úsáideann sí fís agus fuaim chun an sprioc sin a bhaint amach. Thig leis na páistí úsáid a bhaint as an ábhar seo chun póstaeir agus scannáin dá gcuid féin a chruthú.
Staidéir:
Tá 5 chás-staidéir ann ina bpléann daoine óga an dóigh a dtéann na téamaí seo a leanas i bhfeidhm ar a saol laethúil.
| Iompar | Inse Ghall na hAlban |
| Bruscar agus athchúrsáil | Tuaisceart Éireann |
| Bia | Sasana |
| Lonnaíocht | An Bhreatain Bheag |
| Turasóireacht | Mallorca na Spáinne |
Tá físeáin ag dul leis na cás-staidéir a léiríonn na téamaí seo i gcomhthéacs domhanda. In ngach aon staidéar, tá 9 - 12 físeán gearr leabaithe i gcomhéadan beoite. Cliceáil ar na comharthaí dearga le hamharc ar na físeáin nó cliceáil ar na daoine beaga bándearga le héisteacht leis na gearrthóga fuaime. Athrófar dath na siombailí i ndiaidh don úsáideoir iad a fheiceáil nó a chluinstin. Gheobhaidh an t-úsáideoir leideanna ó aghaidh chairdiúil faoin chéad fhíseán eile de réir mar a théann sé ar aghaidh.
Físuirlis
Is féidir an Fhísuirlis a úsáid le scannán a chruthú trí ghearrthóga físe a roghnú agus a chur in ord, rian ceoil a roghnú agus fortheidil a chumadh.
Cruthaitheoir Póstaer
reann an Cruthaitheoir Póstaer ar chumas an úsáideora póstaeir nó irisí gréasáin atá inphriontáilte a chumadh. Tugann sé deis dó grianghraif a roghnú, a théacs féin a scríobh agus a phictiúir féin a tharraingt.
Obair a shábhail
Is féidir obair a cruthaíodh leis an Fhísuirlis agus leis an Chruthaitheoir Póstaer a shábháil, ach ní féidir sin a dhéanamh ach ar an ríomhaire a bhfuil an t-úsáideoir ag obair ag an am, agus ní bheidh an t-úsáideoir in ann é a lódáil ar ríomhaire ar bith eile. Má shábhálann an t-úsáideoir níos mó ná aon phíosa mór oibre amháin ar an ríomhaire céanna, chífidh sé bosca dialóige ag iarraidh air tuilleadh cuimhne ríomhaire a chur ar fáil. Beidh ar an úsáideoir tuilleadh cuimhne a chur ar fáil sula mbeidh sé in ann tuilleadh oibre a shábháil.
Cuidiú Físe agus Fuaime
Má chliceálann an t-úsáideoir ar an chnaipe 'Sainroghanna', beidh sé in ann:
•Méid agus dath an téacs ar an scáileán a athrú chomh maith le dath an chúlra
•Éisteacht leis an téacs ar an scáileán á léamh amach
•Fortheidil a chur leis an chuid is mó den ábhar físe agus fuaime
Is féidir na heochracha ar an mhéarchlár a úsáid le teacht ar an chuid is mó den ábhar.