Eolas do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí ar 'Thart Orainn', áis tíreolaícohta atá dírithe ar pháistí 7-11 bliain d'aois
Bruscar agus athchúrsáil
Baineann an cás-staidéar seo le bruscar agus athchúrsáil i dTuaisceart Éireann.
Sna gearrthóga físe agus fuaime, breathnaíonn daoine óga ar na fadhbanna a bhaineann le bruscar agus míníonn siad chomh tábhachtach is atá sé daoine a spreagadh le 'laghdaigh, athchúrsáil, agus athúsáid.'
Baineann na físeáin eile le hathchúrsáil i gCúba; cad é a tharlaíonn do na clúidíní uile a chaitear ar shiúl; agus an dóigh le dramhaíl bhia a athúsáid sa ghairdín. Amharc ar na físeáin le cuairt a thabhairt ar an oileán ina bhfuil na gluaisteáin 60 bliain d'aois agus lena fhoghlaim cad é mar is féidir le péisteanna cuidiú linn ár mbruscar a athchúrsáil.
Gríosaíonn an cás-staidéar seo páistí lena machnamh a dhéanamh ar na pointí seo a leanas:
•Cad é tharlaíonn don bhruscar a chaitheann muid ar shiúl
•Na fadhbanna a bhaineann le diúscairt an bhruscair
•Cad é a tharlaíonn don ábhar a athchúrsáiltear
•An tábhacht atá le "laghdú, athúsáid agus athchúrsáil"
•Na dóigheanna a d'fhéadfadh laghdú a dhéanamh ar an méid bruscair a chaitear ar shiúl
•An t-ionad áitiúl athchúrsála agus an dóigh a bhfeidhmíonn sé