Eolas do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí ar 'Thart Orainn', áis tíreolaícohta atá dírithe ar pháistí 7-11 bliain d'aois
Iompar
Is ar Inse Ghall na hAlban a dhíríonn an cás-staidéar seo faoi iompar agus faoi thaisteal ar oileáin bheaga.
Téann daoine óga as Oileán Sgiathanach, Barraigh agus Uibhist i ngleic leis na fadhbanna iompair a bhaineann le hoileáin bheaga iargúlta agus iad ag taisteal ar bóthar, ar farraige agus san aer.
Tá 3 fhíseán eile ann ina ndéantar fiosrú ar cheisteanna iompair i gcomhthéacs domhanda agus ar an dóigh a dtéann siad i bhfeidhm ar an saol sna hOileáin Ghalápagos, Ulbha agus Tristan da Cunha.
Amharc ar na físeáin lena fheiceáil cén t-oileán ina mbíonn ar eitleáin tuirlingt ar an trá, agus le cuairt a thabhairt ar oileán a gcaithfidh daoine fanacht 6 mhí le litir a fháil ann!
Spreagfaidh an cás-staidéar seo páistí le machnamh a dhéanamh ar:
•Na modhanna iompair atá mar an gcéanna in Inse Ghall agus sna oileáin eile
•Na modhanna difriúla iompair atá in úsáid ar fud an domhain
•Na deacrachtaí a bhaineann le hiompar ar oileáin bheaga
•An tionchar a imríonn cúrsaí iompair ar shaol na n-oileán
•Na fadhbanna iompair a bhíonn ag daoine i gceantar an úsáideora féin