Eolas do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí ar 'Thart Orainn', áis tíreolaícohta atá dírithe ar pháistí 7-11 bliain d'aois
Cruthaitheoir Irise
Seo uirlis a chuireann ar chumas an úsáideora postaeir agus leathanaigh irise a chruthú.
Is féidir leis an úsáideoir grianghraif a roghnú ó cheann ar bith de na cás-staidéir, téacs a scríobh agus a chuid pictiúr féin a tharraingt. Is uirlis sholúbtha é seo a ligeann don úsáideoir aithris a dhéanamh ar an méid atá foghlamtha aige ó na cás-staidéir, nó rud éigin úr a chruthú a bhaineann lena cheantar féin.
Cuireann an painéal ar chlé uirlisí ar leith ar fáil a chuireann ar chumas an úsáideora:
•grianghraif ó ghailearaí mór a chur lena chuid oibre, iad a bhogadh ar an scáileán agus a méid a athrú
•pictiúir a tharraingt le réimse uirlisí ar nós pinn, scuaibe agus criáin
•téacs a chur lena chuid oibre
•a chuid oibre a phriontáil
Cuireann deilbhín an phota dúigh in iúl don úsáideoir cá mhéad acmhainn atá fágtha aige.
Is féidir leis an úsáideoir a chuid oibre a shábháil ar an ríomhaire ar a bhfuil sé ag obair ach cliceáil ar an deilbhín 'sábháil'. Ní bheidh sé in ann an obair seo a athlódáil ná a fheiceáil ar ríomhaire ar bith eile.
Thig leis an úsáideoir treoracha céim-ar-chéim a fheiceáil faoi úsáid an Chruthaitheora Irise ach cliceáil ar an aghaidh chairdiúil.