
In order to see this content you need to have both Javascript enabled and Flash installed. Visit BBC Webwise for full instructions
Watch a video interview with Marcas Ó hAirt from County Tyrone explaining how his family’s passion for football influences him.
| Gaelic | English |
|---|---|
| bhí a gcroí istigh sa pheil | they were really fond of football |
| níl mórán áiseanna againn | we don’t have many facilities |
| ó dhubh go dubh | from morning to night |
| tá rud éigin ar leith | There is something special/particular .. |
| …muna gcuireann tú an iarracht chéanna isteach leat féin | ...if you don’t put in the same effort on your own |
| más sin an sprioc atá agatsa | if that’s your goal/target |
| níl saoi gan locht | no-one is perfect |
| má tá tú ag streachailt | if you are struggling |
| …go gcreideann tú ionat féin | …that you believe in yourself |
Is mise Marcas Ó hÁirt. Is as Aireagal Chiaráin i gContae Thír Eoghain mé. Imrím d'fhoireann peile Aireagal Chiaráin agus is tosaí mé ar an pháirc. Nuair a bhí mé iontach óg ar fad bhí mo chlannsa i gcónaí ag dul chun na gcluichí, m'athair agus mo sheanathair agus m'uncail agus achan duine sa chlann, bhí a gcroí istigh sa pheil sa chlann s'againne i gcónaí. Ní raibh rud ar bith eile le déanamh sa cheantar seo, tá muid sórt i lár na tuaithe anseo agus níl mórán áiseanna againn agus d'imir muid peil ó dhubh go dubh sa ghairdín gach uile lá i rith an tsamhraidh go speisialta.
Thosaigh mise ar fhoireann Thír Eoghain sa bhliain 2003 agus d'imir mé ar feadh trí bliana. I mo chéad bhliain ar an phainéal bhain muid Corn Uile-Éireann den chéad uair riamh i stair an chontae agus cúpla bliain ina dhiaidh sin tháinig muid ar ais arís i ndiaidh dheich gcluiche mhóra agus bhain muid an dara Corn Uile-Éireann. Tá rud éigin ar leith fá chorn a bhaint le d'fhoireann féin agus le bheith ag imirt i bPáirc an Chrócaigh ar son an chontae, bhí sé ar dóigh ar fad.
Má tá tú ag iarraidh bheith ag imirt ag an leibhéal is airde, caithfidh tú an iarracht a chur isteach. Bíonn tú ag traenáil leis an fhoireann b'fhéidir, trí huaire sa tseachtain ach muna gcuireann tú an iarracht chéanna isteach leat féin ar na hoícheanta eile nuair nach bhfuil tú ag traenáil leis an chlub nó leis an chontae ní bhfaighidh tú an áit - nó an leibhéal ceart amach. Ó thaobh chúrsaí ama dó tá sé iontach tábhachtach ar fad, más sin an sprioc atá agatsa, go gcuireann tú an iarracht isteach. Tá bainisteoir ann atá sásta tú a chur ar an fhoireann, tarlaíonn meancóga in achan chluiche agus níl saoi gan locht, má tá tú ag streachailt coinnigh ag dul agus beidh tú, beidh tú i gceart.
Agus an rud a dhéanaimse nuair atá mé ag glacadh ciceanna saora ná cuirim marc ar an talamh, siúlaim siar cuid céim agus ansin ciceálaim fríd an liathróid, ag piocadh amach spota thar an trasnán agus idir na cuaillí. Ar aghaidh liom!
Tá sé iontach tábhachtach ar fad go gcreideann tú ionat féin - tá tú ábalta peil a imirt. Muna bhfuil tú ag baint suilt as an chluiche, ní fiú a dhéanamh.
I'm Mark Harte. I'm from Errigal Ciarán in County Tyrone. I play for the Errigal Ciarán team and I'm a forward on the pitch. When I was very young indeed my family was always going to the matches, my father and my grandfather and my uncle and everybody in the family, my family was really fond of football - always. There was nothing else to do in this area, we are sort of in the middle of the countryside here and we don't have many facilities and we played football from morning to night in the garden, every single day during the summer especially.
I began playing for Tyrone in 2003 and I played for three years. In my first year on the panel we won the All-Ireland for the first time in the county's history and a couple of years after that we came back again, after ten huge matches and we won the second All-Ireland. There is something special about winning a trophy with your own team and playing in Croke Park for your county, it was really fantastic.
If you want to play at the highest level, you have to put the effort in. You train with the team, maybe, three times a week but if you don't put in the same effort on your own on the other nights when you're not training with the club or the county you will not get a place or reach the right level. With regard to time input, it is really important, if that is your target or goal, that you put in the effort. There's a manager who is willing to put you on the team, mistakes happen in every game and no-one is perfect. If you are struggling, keep going and you'll be okay.
And the thing I do when I'm taking free kicks, I put down a marker on the ground, I walk back a few steps and then I kick through the ball, picking out a spot over the bar and between the posts. Here goes!
It's vitally important that you believe in yourself - you are able to play football. If you aren't enjoying the game, it's not worth it.
Bookmark this page:
BBC © 2014The BBC is not responsible for the content of external sites. Read more.
This page is best viewed in an up-to-date web browser with style sheets (CSS) enabled. While you will be able to view the content of this page in your current browser, you will not be able to get the full visual experience. Please consider upgrading your browser software or enabling style sheets (CSS) if you are able to do so.