Scéalta, dánta agus amhráin i nGaeilge do pháistí óga. Enjoy interactive stories, poems and songs in Irish for children aged 5-7, key stage 1.


Tá ceithre scéal beochana in 'An Garraí Draíochta'. Cliceáil ar an chrann le teacht ar na scéalta. Cliceáil ar na murláin leis an rogha scéalta a fheiceáil. Cliceáil ar an chomhartha d'ordóg in uachtar leis a scéal a roghnaigh tú a léamh.

Mama Uisce
Tá an scéal seo bunaithe ar fhinscéal traidisiúnta ón Aifric faoi spiorad abhann a dhéanann sráidbhaile a tharrtháil ó ollphéist. Tá cur síos agus comhrá saibhir sa scéal. Is sampla maith é de scéal samhlaíoch atá dea-struchtúraithe.

Ginid an Phíog Shilíní
Is scéal é seo faoi bhuachaill d'arb ainm Fionn a shamlaíonn go dtagann ginid as an ghal a éiríonn as a phíog shilíní, a dhéanann rudaí iontacha dó. Is scéal é faoi shamhlaíocht an pháiste agus faoi na daoine atá tábhachtach ina shaol. Taispeánann sé an dóigh ar féidir le páiste a scéal féin a chumadh.

Cathal Cágach
Cad é a tharlaíonn nuair a théann cág a chónaí i gcolmlann? Pléann an scéal seo le ciníochas agus tugann sé deis don pháiste amharc ar eachtra trí shúile duine eile. Tá dhá dheireadh leis an scéal, is féidir an ceann is fearr leat a roghnú.

Ar Lorg na Gréine
Cad é a dhéanann Scútaí agus Sciuirdí nuair a imíonn an ghrian? Seo scéal faoi ainmhithe beaga a chónaíonn ar an trá agus feictear an domhan tríd na súile s'acu. Taispeánann sé an dóigh ar féidir le páiste a scéal féin a chumadh. Tá dhá dheireadh leis an scéal, is féidir leat an ceann is fearr leat a roghnú.

Gníomhaíochtaí

Amharc ar scéal
Is féidir amharc ar an scéal le téacs nó gan é. Cliceáil ar an íocón den leabhar leis an téacs a fheiceáil i gcuideacha na bpictiúir agus na fuaime. Tá cnaipí 'seinn', 'cur ar sos' agus 'athchas' ann.

Léigh an scéal
Is féidir an scéal a léamh ag luas a oireann duit féin. Tá an téacs ar an scaileán in aice leis an bheochan. Cliceáil ar an saighead le bogadh chuig an chéad leathanach eile.

Scéal a chur i seicheamh
Caithfidh an páiste pictiúir a chur san ord ceart agus deireadh a chur le habairtí leis an scéal a insint. Baineann an ghníomhaíocht seo úsáid as scileanna éisteacha agus tuisceana.

Tá dhá leibheál ann:

Leibhéal 1
Cliceáil ar na pictiúir ón scéal agus cuir san ord ceart iad.

Leibhéal 2
Cuir deireadh le 5 nó 9 abairt le go dtiocfaidh siad le pictiúir ón scéal. Bíonn líon na n-abairtí atá le críochnú ag brath ar fheabhas an pháiste ag Leibhéal 1.

Is féidir na pictiúir agus na habairití a phriontáil nuair a bhíonn an ghníomhaíocht críochnaithe.

Cruthaigh scéal
Is féidir scéal a chumadh faoi dhuine de na carachtair. Roghnaigh carachtar agus áit le teideal a chruthú. Ansin bí ag scríobh!

Tá ceithre theimpléad le roghnú. Tá méid éagsúil le scríobh agus tá méid difriúil cuidithe i ngach teimpléad acu.

Cuidíonn duine de na carachtair trí na ceisteanna seo a leanas a chur:
• Cé atá i do scéal?
• Cá bhfuil do scéal suite?
• Cad é a tharlaíonn i do scéal?
• Cad é mar a chríochnaíonn do scéal?

Má tá tuilleadh cuidithe de dhíth is féidir amharc ar an scéal a scríobh an carachtar féin.

Nuair atá an scéal scríofa is féidir pictiúr a chur le gach leathanach den scéal. Tá íomhanna ann de chúlraí, de charachtair agus de rudaí ón bhunscéal nó is féidir an scuab phéinte a úsáid le híomhanna nua a chruthú. Is féidir cruthanna áirithe a chur leis chomh maith. Is féidir na híomhanna a bhogadh thart ar an chanbhás nó a scriosadh amach. Is féidir an scéal a phriontáil.

Athraigh scéal
Scríobh agus maisigh scéal faoi na carachtair agus faoi na rudaí sa scéal.

Tá dhá leibhéal ann:

Leibhéal 1
Tá áit ar an leathanach don téacs agus áit eile don mhaisiú. Tá cnuasach d'eochairfhocail ann le cuidiú leis an pháiste. Tá íomhanna ann de chúlraí, de charachtair agus de rudaí agus is féidir an scuab phéinte a úsáid le híomhanna nua a chruthú. Is féidir cruthanna áirithe a chur leis chomh maith. Is féidir na híomhanna a bhogadh thart ar an chanbhás nó a scriosadh amach. Is féidir an scéal a phriontáil.

Leibhéal 2
Tá leathanach mór amháin ann don téacs agus don mhaisiú. Is féidir bolgán cainte a chur leis na pictiúir ar an leibhéal seo chomh maith leis na huirlisí uilig atá ar fáil ar leibhéal 1.





BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.