%3Ca%20href="/" hreflang="en-GB"> British Broadcasting CorporationBBCBaile

Naisc inrochtaineachta

Scéalta, dánta agus amhráin i nGaeilge do pháistí óga. Enjoy interactive stories, poems and songs in Irish for children aged 5-7, key stage 1.

Dánta

%3Ca%20href="printout/printout.shtml" onclick="window.open(this.href); return false"> cuir an leathanach seo i gcló


Éist leis na dánta agus tabhair do bharúil futhu. Gabh chuig 'Uaimh na Ríme' agus cliceáil ar 'Dánta' leis na ceithre dán a chluinstin. Éist leis an dearcadh atá ag Samhnasach, Oíchí, Bun os Cionn agus Fadchluasach futhu sula nochtann tú do bharúil féin.

Tá barúlacha difriúla ag Samhnasach, Oíchí, Bun os Cionn agus ag Fadchluasach agus léiríonn siad mothúcháin éagsúla. Foghlaimíonn an páiste uatha an dóigh le barúlacha a léiriú.

Roghnaigh dán ón liosta, ansin roghnaigh beirt charachtar a éistfidh leis an dán i do chuideacha. Ansin cluinfidh tú barúlacha na gcarachtar faoin dán.

Cliceáil ar cheann de thrí dhamhan alla le dán eile a roghnú, le pictiúr den dán a tharraignt nó le carachtair eile a roghnú a éistfidh leis an dán i do chuideachta.

Léirigh do bharúil den dán ag úsáid pictiúirí agus téacs trí chliceáil ar 'Péinteáil an dáin'.

Is féidir an pictiúr a phriontáil.

Maith an Gasúr

Is dán é seo faoi ghasúr nach dtuigeann cén fáth nach bhfuil cairde ar bith aige. Dearcadh an ghasúir féin atá sa dán. Tá rímeanna agus athrá simplí ann.

Tá dúil ag Samhnasach sa dán mar go bhfuil an gasúr dána ach tá drochbharúil ag Fadchluasach dó.

Drochlá Dubh

Déanann an dán seo cur síos ar dhroch-lá. Tá uaim shimplí ann.

Tá an-dúil ag Fadchluasach sa dán seo agus tuigeann sí don pháiste sa dán. Ní maith le Bun os Cionn an dán mar go gcuireann sé drochlaethanta i gcuimhne dó.

Citseap

Is dán greannmhar é seo ina bhfuil patrún simplí.

Is breá le Samhnasach an dán seo mar go bhfuil focail lofa ann. Síleann Fadchluasach go bhfuil an dán bómánta!

Scoil na nÉan Beag

Is dán deas, bríomhar é seo a dhéanann cur síos sona ar an nadúr.

Is breá le hOíchí an dán seo ach is fuath le Samhnasach é mar go bhfuil sé ró-dheas agus sona.

%3Ca%20href="%3Ca%20href="/irish/fios/angarraidraiochta/#cave_2">> Gabh chuig na dánta
%3Ca%20href="caneuon.shtml"> an leathanach roimhe seo |




BBC iD

%3Ca%20href="https://ssl.bbc.co.uk/id/ga-GB/status" id="blq-idstatus-link"> BBC iD

Nascleanúint BBC

  • %3Ca%20href="http://www.bbc.co.uk/news/" hreflang="en-GB">Nuacht
  • %3Ca%20href="http://www.bbc.co.uk/sport/" hreflang="en-GB">Spórt
  • %3Ca%20href="http://www.bbc.co.uk/weather/" hreflang="en-GB">Aimsir
  • %3Ca%20href="/iplayer/" hreflang="en-GB">iPlayer
  • %3Ca%20href="/tv/" hreflang="en-GB">Teilifís
  • %3Ca%20href="/radio/" hreflang="en-GB">Raidió
  • %3Ca%20href="#blq-nav">Níos Mó

BBC © 2014 %3Ca%20href="/help/web/links/" hreflang="en-GB">Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.