Tá 'An Garraí Draíochta' ar cheann de chúig shuíomh do pháistí óga ag Eochair Céim 1. Is iad na cinn eile:
- Cuidiú le Cuntas (mata)
- Sorcas na nDreancaidí (Eolaíocht)
- Inniu agus Inné (Stair)
- Captain's Quest (Gaeilge)
Tá scéalta, dánta agus amhráin sa Garraí Draíochta a bhfuil gníomhachtaí bunaithe orthu chomh maith le hainmhithe atá aisteach ach cairdiúil.
Tá ceithre scéal ann:
• Mama Uisce
• Ginid an Phíog Shilíní
• Cathal Cágach
• Ar Lorg na Gréine
Is féidir amharc ar gach scéal nó téacs an scéil a léamh agus ansin gníomhaíochtaí gaolmhara a dhéanamh ar nós an scéal a chur seicheamh, an scéal a athrú nó scéal úr a chumadh.
Ceolann na carachtair Samhnasach, Bun os Cionn, Oíchí agus Fadchluasach amhrán an duine.
Is féidir na focail sa churfá a athrú agus éadaí na gcarachtar a athrú.
Tá ceithre dhán ann:
• Drochlá Dubh
• Maith an Gasúr
• Citseap
• Scoil na nÉan Beag
Éist leis na tuairimí atá ag Samhnasach, Bun os Cionn, Oíchí agus Fadchluasach ar na dánta. Ansin léirigh do thuairim féin le focail agus le pictiúir.
Cuidiú fuaime agus físe
Cliceáil ar an chnaipe 'Do Leagan Féin' le:
• méid nó dath an téacs ar an scáileán a athrú
• dath an chúlra a athrú
• téacs ar an scáileán a chluinstin á léamh amach
• fotheidil a fheiceáil do bhunús an ábhair fuaime / físe.
Níl fáil ar 'Do Leagan Féin' agus tú sa rannóg Daoine Fásta / Information for Parents and Teachers.
Is féidir an méarchlár a úsáid le bogadh tríd an chuid is mó den ábhar.