Scéalta, dánta agus amhráin i nGaeilge do pháistí óga. Enjoy interactive stories, poems and songs in Irish for children aged 5-7, key stage 1.


Ceolann na carachtair Samhnasach, Bun os Cionn, Oíchí agus Fadchluasach amhrán an duine, gabh chuig 'Uaimh na Ríme' agus cliceáil ar 'Amhráin' le bualadh leo. Cliceáil ar na carachtair lena hamhrán speisialta a chluinstin.

I ndiaidh carachtar a roghnú, tá trí rogha ann:

Éist le hamhrán
Ceolann an carachtar atá roghnaithe an t-amhrán s'aige. Bíonn focail an amhráin le feiceáil sa bhosca ag barr an scaileáin.

Athraigh amhrán
Roghnaigh focail eile do churfá an amhráin. Amharc ar an liosta focal agus roghnaigh na focail le hiad a chur san amhrán. Cliceáil ar an íocón de dhoras ag deireadh na gníomhaíochta le filleadh ar an roghchlár. Is féidir focail an amhráin a phriontáil.

Cóirigh na caractair
Roghnaigh éadaí nua do na carachtair ón vardrús. Cliceáil ar na híocóin ar bharr an vardrúis leis an rogha rudaí a fheiceáil agus déan na carachtair a chóiriú duine ar dhuine. Úsáid na híocóin ag bún an scaileáin le dath na n-éadaí a athrú. Cliceáil ar an íocóin de dhoras ag deireadh na gníomhaíochta le filleadh ar an roghchlár.

Éist leis an amhrán chun na carachtair a fheiceáil agus na héadaí nua orthu.

Is féidir le húsáideoirí nach bhfuil chomh muiníneach cliceáil ar an chnaipe 'Déan an rogha dom'. Déanfaidh sé seo na focail agus na héadaí a athrú go huathoibríoch.

Na hAmhráín

Bailéad Bun Os Cionn
Is amhrán brónach é bailéad an sciatháin leathair ina ndéanann Bun Os Cionn cur síos ar a shaol. Tá teachtaireacht dearfach sa churfá atá i gcodarsnacht lena cheol truacánta. Is féidir fuaimeanna truacanta éagsúla a chur sa churfá.

Rap Oíchí
Déanann an t-amhrán seo pearsantacht Oíchí a léiriú agus í ag cur síos ar na rudaí is fearr léi. Is féidir an curfá a athrú ach frasaí éagsúla a chuireann síos uirthi a roghnú.

Amhrán Fadchluasach
Baineann an t-amhrán seo le saol gnóthach an choinín, Fadchluasach. Is féidir an curfá a athrú ach frásaí éagsúla a chuireann síos uirthi a roghnú.

Amhrán Samhnasach
Éist leis an amhrán lofa seo faoin ollphéist Samhnasach agus faoi na rudaí is maith leis. Is féidir an curfá a athrú ach frásaí éagsúla a chuireann síos uirthi a roghnú.

> Gabh chuig na hamhráin.




BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.