My areaReading (Higher)

Can you describe the facilities, advantages, disadvantages and problems in a variety of areas?

Part ofIrish – Learners (CCEA)Local, national, international and global

Reading (Higher)

Tógadh mé in áit fhíorghalánta darb ainm Áit Tí Chathail i ndeisceart Chontae an Dúin. Tá mo chroí istigh i mo cheantar dúchais mar is áit ghalánta é agus tá mo mhuintir uilig ina gcónaí ann. Tá muintir na háite iontach cairdiúil agus cuidiúil agus réitím go maith leo.

Sílim go bhfuil cuid mhór buntáistí ag baint le mo cheantar dúchais. Tá mo theach suite i gcroílár Bheanna Boirche agus is breá liom sin. Is féidir an fharraige agus Loch Charlinn a fheiceáil ón teach mar tá sé suite ar bharr na sléibhte agus tá na radharcanna gan sárú. Níl áit ar bith níos deise ná mo cheantar, go háirithe i rith an tsamhraidh. Bíonn an t-aer glan agus ní bhíonn toit nó truailliú ann. Fásann muid glasraí fíorbhlasta sa ghairdín agus tá neart páirceanna thart ar an teach.

Ar an drochuair, ní bhíonn sé furasta bualadh le mo chairde agus is míbhuntáiste é sin. Bím ag brath ar mo thuismitheoirí fá choinne síob go dtí baile mór Iúr Cinn Trá nó Caisleán Nua más mian liom dul ag siopadóireacht. Tagann cuid mhór daoine ar cuairt chuig an cheantar chun dreapadóireacht sléibhe a dhéanamh, agus mar sin bíonn barraíocht tráchta ar na bóithre in amanna. Síleann mo chairde go bhfuil sé róchiúin agus nach bhfuil mórán le déanamh ach ní aontaím leo. Thig liom peil agus camógaíocht a imirt am ar bith sa chlub Chumann Lúthchleas Gael. Má bhíonn fonn orm thig liom dul ag iascaireacht cois farraige. Is baile iascaireachta é Cill Chaoil, agus níl sé ach cúig mhíle ar shiúl.

Creidim go bhfuil níos mó míbhuntáistí ag baint le saol an bhaile mhóir áfach. Tá barraíocht daoine ina gcónaí ann agus níl aon spiorad láidir pobail ann. Sílim go bhful barraíocht tráchta agus fadhb mhór brscair ann. Chomh maith leis sin, is léir go bhfuil fadhbanna sóisialta sna bailte móra, mar shampla: spraoithiomáint, gadaíocht agus drugaí. Deir mo chairde go bhfuil buntáistí ann fosta áfach. Tá gach áis acu agus rogha leathan siopaí ann. Is féidir dul ag siopadóireacht, scannán a fheiceáil nó spórt a imirt am ar bith is mian leat. Is iomaí bialann de gach sórt atá ann agus thig béile blasta ó achan chearn den domhan a bhlaiseadh ann.

Amach anseo, sílim go mbeidh cónaí orm faoin tuath mar is breá liom an suaimhneas agus príobháideachas agus thig taisteal go dtí an baile mór nuair atá rud éigin de dhíth orm.

Attempt the answers in Irish.

Freagair na ceisteanna i nGaeilge.

Question

Cad é an t-ainm atá ar an cheantar?

Question

Cén chontae ina bhfuil an sráidbhaile suite?

Question

An bhfuil muintir an bhaile cairdiúil?

Question

Ainmnigh dhá áis spórt atá ar fáil sa cheantar.

Question

Cad é mar a thaistealaíonn sí go dtí an baile mór?

Question

Ainmnigh rud amháin a dhéanann sí in Iúr Cinn Trá.

Question

Cad é a deir sí fá charranna agus feithicilí sa bhaile mór?

Question

Ainmnigh buntáiste amháin a bhaineann le saol an bhaile mhóir.

Translation

I was raised in a truly beautiful place called Attical in south County Down. I love my native area because it is a beautiful place and all my family live there. The locals are very friendly and helpful and I get on well with them.

I think that there are a lot of advantages connected to my native area. My house is situated in the heart of the Mourne Mountains and I love that. It’s possible to see the sea and Carlingford Lough from the house because it is situated on top of the mountains and the views are unbeatable. There is no place nicer than my area, especially during the summer. The air is always clean and there is never smoke or pollution. We grow very tasty vegatables in the garden and there are plenty of fields around the house.

Unfortunately, it is not easy to meet my friends and that is a disadvantage. I depend on my parents for a lift to Newry or Newcastle town if I want to go shopping. A lot of people visit the area to go mountain climbing and so sometimes there is too much traffic on the roads. My friends think that it is too quiet and that there is not much to do but I don't agree with them. I can play football and camogie anytime in the local GAA club. If I wish, I can go fishing beside the sea. Kilkeel is a fishing town and is only five miles away.

However, I believe that there are more disadvantages connected with life in the town. There are too many people living there and there is not a strong community spirit. I think that there is too much traffic and a big problem with rubbish. As well as that, it is clear that there are social problems in the towns, for example, joyriding, theft and drugs. However, my friends say that there are advantages also. They have every facility and a wide range of shops there. It is possible to go shopping, see a film or play sports anytime you wish. There are many restaurants of every kind and it is possible to taste food from every corner of the world.

In the future, I think that I will live in the countryside because I love the peace and the privacy and it is possible to travel to the town when I need something.