Writing (Higher)

Question
Bhog tú chuig ceantar nua ar na mallaibh. Scríobh ríomhphost chuig do chara ag déanamh cur síos ar an cheantar. Luaigh na rudaí seo a leanas:
- áit a bhfuil an teach nua suite
- an ceantar nua
- na buntáistí a bhaineann leis an cheantar nua
- na míbhuntáistí a bhaineann leis an cheantar nua
- áiseanna atá de dhíth
This is only a sample answer. You can use a range of structures and vocabulary.
5 Iúil 2020
A Ghearóidín, a chara,
Tá súil agam go bhfuil tú i mbarr do sláinte. Bhí mé thar a bheith sásta do ríomhphost a fháil. Bhog muid go Léim an Mhadaidh, Contae Dhoire coicís ó shin. Tá mo theach suite ar imeall an bhaile agus tá mé iontach sásta leis. Tá an radharc ón chistin dochreidte. Thig liom na sléibhte agus loch mór a fheiceáil. Tá páirceanna glasa, tithe eile, reilig agus portach le feiceáil ón teach fosta.
Tá buntáistí ag baint le mo cheantar nua. Tá an teach ar imeall an bhaile agus tá sé suaimhneach mar sin. Tá an t-aer glan sláintiúil agus níl truailliú nó bruscar ann. Tá na daoine cairdiúil agus tá spiorad láidir pobail ann. Má bhíonn fonn orm, thig liom dul ag iascaireacht sa loch ag barr an ghleanna. Thig liom bualadh le mo chairde ag bun na sráide nó dul chuig an dioscó i lár an bhaile. Tá rogha leathan siopaí ann fosta.
Maidir le míbhuntáistí, bíonn daoine óga ag ól amuigh ar na sráideanna ag an deireadh seachtaine mar tá easpa áiseanna sa cheantar. Tá cuid mhór fadhbanna sóisialta ann fosta mar shampla spraoithiomáint agus gadaíocht.
Sílim féin go bhfuil linn snámha, pictiúrlann nó club óige de dhíth ar na daoine óga sa cheantar agus tá áiseanna spóirt de dhíth do gach aoisghrúpa.
Ag dúil le litir uait. Tar ar chuairt chugam gan mhoill.
Do chara buan,
Donnchadh
Translation
5 July 2020
Dear Gearóidín,
I hope that you are in the best of health. I was very happy to get your email. We moved to Limavady, County Derry a month ago. My house is situated on the outskirts of the town and I am very happy with it. The view from the kitchen is unbelievable. I can see the mountains and a large lake. Green fields, other houses, a graveyard and a bog can also be seen from the house.
There are advantages to my new area. The house is on the outskirts of town and therefore it is peaceful. The air is clean and healthy and there is no pollution or rubbish. The people are friendly and there is a strong community spirit. If I wish, I can go fishing in the lake at the top of the glen. I can meet my friends at the bottom of the street or go to the disco in the middle of town. There are also a wide range of shops.
As regards disadvantages, young people are out on the streets drinking at the weekend because there is a lack of facilities in the area. There are also a lot of social problems, for example joyriding and theft.
I myself think that the young people in the area need a swimming pool, cinema or youth club and sports facilities are needed for every age group.
Looking forward to a letter from you. Come and visit me soon.
Your good friend,
Donnchadh