Listening (Higher)
Listen to Síofra talking about her typical day and fill the gaps with the correct words.
Question
Éist le Síofra ag caint faoina gnáthlá agus líon isteach na bearnaí leis na focail chuí.
Síofra is ainm dom agus faoi láthair is ________ mé ar Scoil Naomh Éanna agus tá mé i mbliain a ___________. Ar nós gach duine óg, ______ ar scoil gach maidin. De ghnáth, ____ leis an bhus ach __________ síob ó am go ham le m’athair ar a bhealach chun na hoibre. ________ _______ na hábhair chéanna ó sheachtain go seachtain. ______ aon tréimhse dhéag san iomlán gach lá, an lón san áireamh. ____________ an lá scoile le ______ foirme ar cúig i ndiaidh a naoi. _____ dhá rang agam roimh am sosa agus ______ ocras an domhain orm fá am sosa. De ghnáth, _______ roinnt ama ag labhairt le mo chairde scoile sa cheaintín agus in amanna eile ______ go leabharlann na scoile le nótaí a _________ amach do mo chuid ranganna tráthnóna. ____ _____________ an lá scoile isteach nó amach orm mar bíonn an seans agam rudaí nua a _____________ agus is iontach an chraic agus an __________ a bhíonn agam sna ranganna. Nuair a ____________ an lá scoile, is maith liom siúl chuig an siopa le mo chairde nó ______ muid go lár an bhaile mhóir agus __________ muid lenár gcairde ó scoileanna eile sa cheantar. _________ abhaile de ghnáth thart ar leath i ndiaidh a sé agus _____________ le mo mhamaí an dinnéar a ________. I ndiaidh am dinnéir, __________ roinnt staidéir agus ___________ m’obair bhaile agus ansin ________ sos agus _______ mo scíth os comhair na teilifíse le mo theaghlach.
Síofra is ainm dom agus faoi láthair is scoláire mé ar Scoil Naomh Éanna agus tá mé i mbliain a haon déag. Ar nós gach duine óg, téim ar scoil gach maidin. De ghnáth, téim leis an bhus ach faighim síob ó am go ham le m’athair ar a bhealach chun na hoibre. Déanann muid na hábhair chéanna ó sheachtain go seachtain. Bíonn aon tréimhse dhéag san iomlán gach lá, an lón san áireamh. Tosaíonn an lá scoile le rang foirme ar cúig i ndiaidh a naoi. Bíonn dhá rang agam roimh am sosa agus bíonn ocras an domhain orm fá am sosa. Go minic, caithim roinnt ama ag labhairt le mo chairde scoile sa cheaintín agus in amanna eile siúlaim go leabharlann na scoile le nótaí a phriontáil amach do mo chuid ranganna tráthnóna. Ní chuireann an lá scoile isteach nó amach orm mar bíonn an seans agam rudaí nua a fhoghlaim agus is iontach an chraic agus an spraoi a bhíonn agam sna ranganna. Nuair a chríochnaíonn an lá scoile, is maith liom siúl chuig an siopa le mo chairde nó téann muid go lár an bhaile mhóir agus buaileann muid lenár gcairde ó scoileanna eile sa cheantar. Fillim abhaile de ghnáth thart ar leath i ndiaidh a sé agus cuidím le mo mhamaí an dinnéar a ullmhú. I ndiaidh am dinnéir, déanaim roinnt staidéir agus críochnaím m’obair bhaile agus ansin glacaim sos agus ligim mo scíth os comhair na teilifíse le mo theaghlach.