Daily routine Reading (Higher)

Discover different ways of describing your daily activities using a variety of tenses and core vocabulary.

Part ofIrish – Learners (CCEA)Identity, lifestyle and culture

Reading (Higher)

Read Caitlín’s email to her close friend Sorcha describing her time in the Gaeltacht. Answer the questions which follow in Irish.

Léigh ríomhphost Chaitlín chuig a dlúthchara Sorcha ag cur síos ar a cuid ama sa Ghaeltacht agus freagair na ceisteanna i nGaeilge.

Dé Sathairn 15 Lúnasa

Dia duit a Shorcha,

Cad é mar atá tú? Seo mé sa Ghaeltacht agus tá mé ag baint an-sult as an chúrsa – is áit ar dóigh í Rann na Feirste!

Gach maidin, músclaíonn fear an tí muid go luath, thart fá cheathrú i ndiaidh a hocht agus déanann sé ár mbricfeasta féin réidh sula dtosaíonn na ranganna ar a deich a chlog sa choláiste. Tá seachtar cailíní eile sa teach liom. Fágann muid an teach thart ar fiche go dtí a deich agus siúlann muid cúpla míle go dtí an coláiste. Bíonn trí rang Gaeilge ann gach maidin agus dhá shos ach amháin Dé Domhnaigh nuair atá muid saor ar maidin. Tá mé ag foghlaim cuid mhór Gaeilge ach ní thuigim cuid mhór fosta. Ag am sosa, téim chuig an siopa agus ceannaím barra seacláide agus canna sú oráiste. Bhuail mé le cuid mhór daoine nua as gach cearn den tír!

Bíonn lón againn i lár an lae ar a haon. Is cócaire maith í bean an tí agus tá an bia an-bhlasta ar fad! Filleann muid ar an choláiste ar a dó a chlog agus bíonn réimse leathan imeachtaí ar siúl gach lá: ranganna ceoil, ranganna damhsa, comórtais ealaíne, comórtais spóirt agus go leor eile. Imrím peil gach lá. Inné, thug muid cuairt ar Leitir Ceanainn agus cheannaigh mé a lán bronntanas, cuimhneachán agus éadaí dom féin ó shiopa ilrannach. Is fearr liom imeachtaí na hoíche, bíonn rudaí éagsúla ar siúl mar shampla dioscónna, comórtais idir na tithe, céilithe agus tráth na gceist. Is fearr liom na céilithe san oíche mar cuireann muid smideadh orainn agus éadaí deasa agus bíonn craic ar dóigh leis na buachaillí.

Amárach, beidh an ghrian ag scoilteadh na gcloch, mar sin, rachaidh muid go dtí an trá agus beidh muid ag snámh san fharraige. Tá coicís eile romham anseo agus tá mé ag dúil go mór leis na himeachtaí eile ar an chúrsa!

Cad é mar atá an samhradh s’agat? Feicfidh mé thú ag deireadh mhí Lúnasa agus rachaidh muid ag siopadóireacht.

le grá,

Caitlín

Question

Cad é a deir Caitlín fán chúrsa?

Question

Cá mhéad scoláire atá ag stopadh i dteach Chaitlín?

Question

Ainmnigh trí imeacht atá ar siúl gach lá idir am lóin agus am tae.

Question

Cad é mar atá na béilí sa teach?

Question

Cén lá den tseachtain a chuaigh sí ag siopadóireacht?

Question

Cén t-imeacht oíche is fearr léi?

Question

Roghnaigh ceithre abairt atá fíor.

Choose four statements which are true.

  1. Tá Caitlín ag baint taitneamh agus tairbhe as an chúrsa.
  2. Fanann Caitlín ina luí go dtí a deich a chlog gach maidin.
  3. Freastalaíonn sí ar ranganna Gaeilge gach lá sa tseachtain.
  4. Tá a lán cairde nua aici anois.
  5. Ní itheann sí an bia sa teach.
  6. Déanann sí a lán imeachtaí éagsúla gach lá ar an chúrsa.
  7. Buailfidh sí le Sorcha ag deireadh an tsamhraidh.
  8. Rachaidh an bheirt acu go dtí an phictiúrlann le chéile.