Iar-Bhlaisín: Codladh Sámh

Iar-Bhlaisín: Codladh Sámh
Léargas Chormaic ar an chodladh agus a thábhacht ó 2002
Léargas Chormaic ón bhliain 2002:
Bhí an codladh ariamh tábhachtach in Éirinn, ag na filí ach go háirithe. Is mar sin a tháinig an aisling chuig Art Mac Cumhaigh:- “Ag Úr-Chill an Chreagáin ‘sé chodail mé aréir faoi bhrón…” agus is iomaí uair ar shamhail siad an domhan faoi néal, mar a rinne Peadar Ó Doirnín “..nuair a bheas uaisle is cléir is tuataí i néal ina suan faoi éadaí bána”.
Ach má bhí saol s’acusan ar dhóigh ar bith cosúil le saol an lae inniu, bhí bréag ag dul leis na físeanna seo. Nó meastar go mbíonn deachrachtaí codlata rialta nó easuan ag tuairim is deich fán gcéad de dhaoine an lae inniu. Bíonn an-chuid daoine tógtha faoi dheachrachtaí codlata agus mar léiriú ar sin, má chuartaíonn tú “codladh” ar an idirlíon, tiocfaidh tú ar níos mó ná seacht milliún suíomh ceangailte leis an ábhar seo. Agus aithnítear ar a laghad dhá chineál déag easuain.
Tá a fhios againn féin go bhfuil codladh tábhachtach; má bhímid gann i gcodladh, tagann fonn codlata atá níos tábhachtaí ná an bheatha féin. Léirítear seo nuair a thiteann tiománaithe carranna nó traenacha ina gcodladh agus iad i mbun tiomána. Caithimid cuid mhór ama inár gcodladh – ocht n-uaire sa lá ar an mheánmhéid - agus múnlaímid ár sochaí le go mbeidh go leor am codlata againn.
Tá cuid mhór nach dtuigimid faoi chodladh. Is mistéir é. Go dtí ar na mallaibh, shílimid gur áiméar é le go bhfaigheadh an corp agus an inchinn scíste. Ach fuair taighdeoirí amach fiche bliain ó shin go raibh céimeanna áirithe sa chodladh. Ar dtús, d’aithin siad go raibh amanna ann nuair a bhog na súile ó thaobh go taobh go gasta. Thug siad REM (bogadh gasta súl) ar na hamanna seo. Nuair a thomhais siad gníomhaíocht na hinchinne le linn REM mhothuigh siad go raibh cúid mhór ar siúl san inchinn – níos mó ná mar a bhíonn agus an duine múscailte. Agus mhothuigh siad fosta nach mbíonn an corp gan bhogadh le linn codlata. Ní chothaíonn gníomhaíocht coirp codladh agus ní laghdaíonn scíste fonn codlata ag deireadh an lae (i ndáiríre cuireann scíste lae le fonn codlata).
Ach thig linn cur síos a dhéanamh ar chéimeanna an chodlata. De ghnáth tosaíonn codladh le hochtú nóiméad NREM (codladh gan REM) agus ansin deich nóiméad REM. Tarlaíonn an timthriall seo idir trí agus sé uair agus méadaíonn fad an REM ó thimthriall go timthriall. Meastar gur sa REM a tharlaíonn brionglóidí. Aithnítear anois go mbíonn ceithre chéim sa NREM ag brath ar ghníomhaíocht na hinchinne agus ar mhinicíocht
an voltais a astaíonn cealla na hinchinne.
Más rud é nach áiméar scíste é, cad is rud é codladh? Níl a fhios againn. Is féidir a rá gur scaoileadh ón domhan seachtrach é agus gur fáil ceangail é leis an domhain inmheánach – domhain na mbrionglóidí. Le linn codlata, ní oibríonn na céadfaí. Tá a fhios againn go gcuirtear comharthaí ó na súile agus ó na cluasa chuig an inchinn ach déantar neamhiontas dóibh. Níl a fhios againn cad é mar a tharlaíonn seo.
Cionnas gur feiniméan chomh casta sin é an codladh, ní iontas ar bith nach noibríonn sé go maith ag cuid mhór daoine. Agus le blianta fada anuas d’fhorbair daoine seifteanna le heasuan a cheansú. An straitéis is mó clú ná go moltar do dhaoine caoirigh a shamhlú agus cuntas a dhéanamh orthu. De réir taighde a rinneadh ar na mallaibh, ní oibríonn seo. Is fearr i bhfad, de réir dealraimh, íomhá chiún shuaimhneach mar eas nó mar áit dheas saoire a thabhairt chun cinn. Cad faoi thrá Mhachaire Gathlan tráthnóna samhraidh nó an radharc ó thóin an bhaile i Rann na Feirste trasna an deáin ag am luí gréine?
Sanas:
Céadfaí: senses
Easuan: insomnia
Feiniméan: phenomenon
Timthriall: cycle