Raidió BBC Gaeilge
Sceideal Reatha Raidió BBC Gaeilge
![]()
Blas - 19:30 Luan go Déardaoin
Spórt, ealaín, cúrsaí reatha agus dearcthaí na n-óg, Luan go Déardaoin, le Fearghal Mag Uiginn, Dáithí Ó Muirí, Máire Bhreathnach agus Caoimhe Chats Ní Chathail.
![]()
Caschlár - 20:04 Luan
Lig do scíth le rogha Brian de phopcheol, fréamhcheol, ceol domhanda, ceol traidisiúnta, na gormacha agus anamcheol. Oíche Luain ó 20:00 ar BBC Sounds agus BBC Raidió Feabhail.
![]()
Blas Ceoil - 20:04 Déardaoin
Tradcheol den scoth roghnaithe ag an láithreoir Caoimhe Ceol Ní Chathail, cláirseoir, cumadóir agus innealtóir as Béal Feirste agus í i mbun Blas Ceoil thar thréimhse chúig seachtainí. I ngach clár, cloisfear mionsraith speisialta, I Mo Chás Féin, ina nochtaíonn ceoltóirí ár linne léi cad é go díreach a bhíonn á cheilt acu ina mboscaí ceoil rúnda, draíochtach sin.
Blas Ceoil 15
Teach s'Againne
![]()
Teach s'Againne - Saol teaghlaigh
Sa tsraith ceithre chuid seo labhraíonn tuismitheoirí faoi na heispéiris phearsanta agus faoi na céimeanna éagsúla ar tháinig siad tríothu ag tógáil a gclainne.
Scéalaíocht

Abhartach
Is iomaí duine a mharaigh sé agus iad uilig céasta sula bhfuair siad bás.
Viva Voce: Na hAgallaimh
An Eachtra
![]()
Dráma úr Raidió de chuid BBC Gaeilge
Téann ceathrar cairde amach ar bhád go hoileán beag ó chósta na hÉireann le bronnadh na gcéime s’acu a cheiliúradh. Cuirtear deireadh leis an cheiliúradh ar fad, áfach, nuair a dhéanann duine acu gníomh coiriúil.





















