Main content

Comhleá Núicléach

Comhleá núicléach

Labhraíonn Cormac Ó hÁdhmaill faoi chomhleá núicléach

Eanáir 2002

Anseo in Éirinn, nuair a bhímid buartha fán dramhaíl núicléach atá á cur amach ag Sellafield, nó nuair a ríomhaimid éifeachtaí an radachuir a tháinig anuas ar thalamh s’againn ó thimpiste Cernobyl nó nuair a thréaslaímid sinn féin as siocair nach bhfuil stáisiúin núicléacha abhus anseo, is ar phróiseas amháin atáimid ag smaoineamh – próiseas ar a dtugtar eamhnú núicléach.

Sa phróiseas seo, scoilteann adaimh úráiniam istigh in imoibreoir agus scaoiltear fuinneamh de thairbhe. Úsáidtear an fuinneamh sin le huisce a ghalú agus úsáidtear an gal sin le tuirbíní a thiontú agus leictreas a chruthú.

Ach tá próiseas núicléach eile ann ina scaoiltear fuinneamh. Tugtar comhleá núicléach ar seo agus is é an foinse fuinnimh atá ag an ghrian. Má bhíonn na coinníollacha mar is ceart, is féidir le dhá adamh hidrigin bualadh le chéile le hadamh úr héiliam a dhéanamh. Bíonn teocht ard ag an héiliam a cruthaítear agus is é sin an foinse fuinnimh.

Tá buntáistí móra ag dul leis an chomhleá. Úsáideann sé hidrigin mar bhreosla agus tá hidrigin le fáil go forleathan san fharraige. Is beag uilig an dramhaíl núicléach a thairgeann sé agus ní astaíonn sé gáis a dhéanann dochar don timpeallacht. D’fhéadfaí a rá gur foinse fuinnimh an-ghlan é.

Tá deacracht ann, ar ndóigh. Is maith is cuimhin liom, nuair a bhí mise i rang Fisice sna seascaidí, mo mhúinteoir ag cur síos ar an phróiseas seo agus ag rá nach fada go mbeadh na deacrachtaí smachtaithe agus go mbeadh an comhleá in úsáid mar fhoinse fuinnimh go forleathan ar fud an domhain – roimh dheireadh na seachtóidí ar a mhoille. Agus seo muid daichead bliain chun tosaigh agus níl réiteach againn go fóill ar na deacrachtaí sin.

Baineann na deacrachtaí leis an teocht atá de dhíth le go dtarlódh comhleá. Is gá an hidrigin a théamh go teocht os cionn céad milliún céim Celsius. Agus ar ndóigh, tá sin i bhfad róthe le cur isteach i soitheach ar bith. Caithfear an hidrigin a mhúnlú le réimse maighnéadach agus le daichead bliain, tá taighdeoirí ag iarraidh a theacht ar an dóigh is fearr leis an réimse seo a chruthú.

Tá dul chun cinn a dhéanamh acu, más malltriallach féin é agus is cosúil anois go bhfuil siad beagnach réidh le stáisiún cumhachta, bunaithe ar an phróiseas seo a thógáil. Is i gCeanada nó sa tSeapáin a bheidh sé, is cosúil. Tá iarracht idirnáisiúnta taobh thiar de agus chaill Meiriceá foighde leis trí bliana ó shin agus tharraing siad siar uaidh. Ach tháinig scéala an tseachtain seo go bhfuil Meiriceá ar tí dul isteach ann ar ais nó meastar nach fada anois go mbeidh na deacrachtaí réitithe.

Níl amhras ar bith orm ná go mbeidh an comhleá mar phríomhfhoinse fuinnimh sa todhchaí le taobh fuinneamh ón ghrian agus go mbeidh deireadh glan le fuinneamh bunaithe ar na truaillphróisis sin bunaithe ar an eamhnú agus ar dhóú bhreosla iontaise.

Sanas:

Breosla iontaise: fossil fuel
Comhleá núicléach: nuclear fusion
Dramhaíl núicléach: nuclear waste
Eamhnú núicléach: nuclear fission
Fisic: physics
Héiliam: helium
Hidrigin: hydrogen
Imoibreoir: reactor
Radachur: fallout
Réimse maighnéadach: magnetic field