An tAntrasc
An tAntrasc

Iar-Bhlaisín: An tAntrasc
Míníonn Cormac Ó hÁdhmaill cad is antrasc ann
Foilsíodh an t-alt seo ar dtús ar an 23ú Deireadh Fómhair 2001
Is mór an imní atá ar dhaoine inniu fán antrasc ó tharla sceimhlitheoirí ag cur spóir antraisc fríd an phost chuig polaiteoirí agus nuachtóirí i Meiriceá. Mharaigh an feachtas seo duine amhain go nuige seo agus chothaigh sé eagla agus scaoll ar fud an domhain.
Ach an bhfuil bunús leis an scaoll seo? Cad é an rud é an t-antrasc agus cad é an damáiste gur féidir leis a dhéanamh orainn?
Is galar é an t-antrasc a mhaireann in ainmhithe feirme go nádúrtha agus ó am go chéile trásnaíonn sé chuig oibrithe feirme agus chuig tréidlianna. Nuair a bhuaileann sé duine, tá trí chineál ann – antrasc craicinn, antrasc stéigeach agus antrasc scamhógach.
Is é an t-antrasc craicinn an cineál is coitianta. Tarlaíonn sin nuair a pholltar an craiceann agus téann an baictéar isteach. Spreagann seo othras ar an chraiceann agus faigheann thart fá fiche fán gcéad de dhaoine bás. Ach má thugtar antaibheathaigh is beag uilig an seans go maraítear an t-othar.
Is contúirtí ar fad na cineálacha eile antraisc – an t-antrasc stéigeach agus an t-antrasc scamhógach. Tá siad níos doilí á dtógáil. Má itear feoil atá fabhtach, tagann tinneas boilg agus tarlaíonn an bás go minic ina dhiaidh sin. Ní minic a ionanálaítear an t-antrasc nó caithfidh na spóir a bheith iontach beag ar fad le gur féidir iad a ionanálú. Cothaíonn sé deacrachtaí análaithe agus buaileann an bás i gcionn lá nó dhó muna bhfuil cóireáil ar fáil. Tá seans measartha maith ann go gceansaítear é má thugtar antaibheathaigh go luath – sula mbíonn comharthaí ar bith ann.
Is baictéir é an t-antrasc agus tá sé fadmharthanach. Nuair a thagann cruatan nó easpa bia, déanann sé spóir de féin. Tá craiceann tiubh ag an spór agus is féidir leis maireachtáil ar feadh na mblianta gan cothú ar bith. De ghnáth, bíonn na spóir seo mór. An rud atá déanta ag na sceimhlitheoirí atá taobh thiar den bhithionsaigh seo ná gur tháinig siad ar dhóigh leis na baictéir a thriomú agus a mheilt le go raibh siad ar mhéid beag go leor le hionanálú ag daoine.
Is mithid dúinn uilig san domhan thiar a bheith ar ár n-airdeall fán antrasc seo. Ach caithfimid a bheith réadúil faoi. Is beag seans go ndéanfar ionsaí ar bith orainne sa tír seo. Má dhéantar, tá leigheas ann go cinnte más antrasc craicinn é agus tá leigheas ann don dá chineál eile má fhaighimid antaibheathaigh luath go leor. Cuimhnigh nár mharaigh an t-antrasc ach duine amháin ó thosaigh an feachtas.
Agus ná déan dearmad nach bhfuil an t-antrasc tógálach. Ní spréann sé ó dhuine go duine agus ní astaíonn duine tinn baictéir. Bímis faichilleach ach bímis réasúnach.
Sanas:
Antaibheathach: antibiotic
Antrasc: anthrax
Astaíonn: emits
Bithionsaí: bio-attack
Fabhtach: contaminated
Meilt: grind
Othras: ulcer
Spór: spore
Stéigeach: intestinal