Main content

Athruithe le teacht maidir le héisteacht le fuaim ar an BBC taobh amuigh den RA.

Athruithe le teacht maidir le héisteacht le fuaim ar an BBC taobh amuigh den RA.


Níos luaithe i mbliana, sheol BBC Studios seirbhís nua fuaime taobh amuigh den RA ar BBC.com agus ar aip an BBC. San áireamh leis sin, tá BBC Radio 4, BBC World Service English agus teacht ar na mílte uaireanta an chloig de phodchraoltaí.


Mar chuid den fhógra, dúirt muid go raibh sé beartaithe againn BBC Sounds a dhruidim do lucht éisteachta taobh amuigh den RA. Is féidir linn a dheimhniú anois go ndruidfear BBC Sounds d’éisteoirí atá lonnaithe taobh amuigh den RA ar an 21 Iúil 2025.


An féidir liom éisteacht le raidió beo ón BBC go fóill má tá mé lonnaithe taobh amuigh den RA?

Is féidir. Leanfaidh ár gcuid stáisiún raidió de bheith ar fáil do dhaoine taobh amuigh den RA le bheith ag éisteacht beo i ndiaidh dhruidim BBC Sounds taobh amuigh den RA. Má tá tú i do chónaí thar sáile, is féidir go n-athródh an dóigh a bhfaigheann tú stáisiúin raidió beo.

Féach, le do thoil, eolaire na stáisiún (atá ar fáil i mbosca na nasc ar thaobh an leathanaigh), áit a bhfuil teacht ar naisc le bheith ag éisteacht le stáisiúin raidió an BBC ar fud fad an RA. San áireamh leis sin, tá stáisiúin cheoil an BBC - BBC Radio 1, Radio 2 agus Radio 3, 6Music, 1Xtra agus Asian Network, Radio 4Xtra agus 5Live, gach stáisiún de chuid an BBC ó náisiúin an RA agus gach stáisiún áitiúil i Sasana. Tá BBC Radio 4 agus BBC World Service English ar fáil ar BBC.com cheana agus leanfaidh sé sin de bheith amhlaidh.


Ní bheidh tionchar ag an athrú seo ar a bheith ag éisteacht le cláir fuaime an BBC ar ardáin nach ardáin de chuid an BBC iad.


An féidir liom éisteacht le BBC Podcasts go fóill?


Is féidir. Tá réimse podchraoltaí i mBéarla, i mBreatnais agus i nGaeilge ar fáil ar BBC.com/audio chomh maith le seirbhísí podchraoltaí tríú páirtí.


Tá mé i mo chónaí san RA, an féidir liom an aip Sounds a úsáid ar saoire thar sáile?


Is féidir. Beidh duine ar bith atá ina gcónaí san RA go fóill in ann an aip BBC Sounds a úsáid nuair a théann siad ar saoire thar sáile ar feadh míosa nó mar sin. Tabhair cuairt ar Can I use BBC Sounds when I travel outside the UK? i mbosca na nasc.


Cén fáth a bhfuil an BBC ag cur an athraithe seo i bhfeidhm?

Is fochomhlacht tráchtála de chuid an BBC é BBC Sounds, agus díríonn sé ar an iriseoireacht agus scéalaíocht dhílis den scoth s’againn a chur ar fáil do lucht éisteachta idirnáisiúnta. Níos luaithe i mbliana, sheol BBC Sounds rannóg úr fuaime ar BBC.com agus ar aip an BBC (seirbhís tráchtála) taobh amuigh den RA.

Tugtar an t-ioncam a thagann isteach trí na seirbhísí seo ar ais don BBC le tacú lena chuspóir poiblí sa RA.

Mar chuid den fhógra seo, dúirt muid go ndruidfeadh muid BBC Sounds taobh amuigh den RA – agus é a fhágáil ar fáil d’éisteoirí san RA amháin.


An féidir liom éisteacht le BBC Proms taobh amuigh den RA go fóill?

Is féidir. Daoine atá ina gcónaí taobh amuigh den RA, is féidir leo éisteacht go fóill leis na Proms agus iad ar saoire thar sáile ar an aip BBC Sounds.
Agus is féidir le héisteoirí taobh amuigh den RA a bheith ag éisteacht leis na Proms beo áit ar bith ar domhan ach an nasc chuig BBC Radio 3 a úsáid san eolaire ar BBC.com.


Níl tionchar ag an athrú seo ar ábhar ar bith ar ardáin mhalartacha.


Tuilleadh eolais agus Tacaíocht d’éisteoirí idirnáisiúnta

Le tuilleadh a fháil amach faoi theacht ar raidió agus ar phodchraoltaí an BBC taobh amuigh den RA, nó má tá tú ag cuardach tacaíochta, lean an nasc chuig BBC Audio FAQs i mbosca na nasc ar thaobh an leathanaigh.

Tá leagan Béarla den alt seo ar fáil i mbosca na nasc ar thaobh an leathanaigh.