Main content

Forlaochra

Forlaochra

Labhraíonn Cormac Ó hÁdhmaill faoi fhorlaochra.

Foilsíodh an t-alt seo ar dtús ar 4ú Mí na Samhna 2003


Cé gurb iontach ar fad iad na forlaochra agus nach bhfuil iontu ach samhlaíochtaí a chéadfoilsíodh in irisí grinn, tá bunús eolaíochta le cuid mhór dá gcuid ábaltachtaí.
Glac Spiderman mar shampla. Is féidir leis siúl suas ballaí cosúil le damhán alla. Tálann damhán alla síoda greamannach ar bhonnaí na gcos agus ar an dóigh sin, is ar éigean a dtig leis sleamhnú. Le taobh sin bíonn na milliúin ribí ar na cosa agus úsáideann sé iad sin le greim níos cinnte a fháil ar an dromchla (ach bíonn dromchla na daibhche folctha róshleamhain dó!). Luascann Spiderman tríd an aer ar cháblaí láidre síoda agus arís tá seo indéanta ar dhóigh. Tá síoda an damhán alla níos láidre ná cruach, méid ar mhéid.

Bíonn a fhios ag Wonderwoman i gcónaí nuair atá duine ag insint bréige nuair a leagan sí a téad rothaig air. Ní hiontas ar bith sin nó tarlaíonn athruithe coirp le linn bréige agus is féidir iad seo a thomhas. Preabann an croí níos gasta, ardaíonn an brú fola, tarraingtear anáil níos minice agus táirgtear allas ar an chraiceann. De thairbhe an allais seo, athraíonn friotaíocht an chraicinn agus sin mar a bhraitear an t-allas. Níl ann ach go mbraitheann Wonderwoman bréag ar an bhomaite; caithfidh trealamh an lae inniu níos mó ama a ghlacadh.

Daredevil dall ach tá éisteacht chomh géar sin aige go bhfuil a fhios aige gach rud atá ag tarlú thart air. Is féidir leis an deilf agus an sciathán leathair amhlaidh a dhéanamh. Astaíonn siad fuaim ag ardmhinicíocht agus nuair a chluineann said an macalla bíonn a fhios acu chan amháin cé chomh fada ar shiúl atá réad ach an cosúlacht atá air agus cé chomh gasta atá sé ag bogadh.

Tá neart go mór thar an choiteann ag an Incredible Hulk nuair a bhuaileann racht feirge é. Is féidir leis seo tarlú go nádúrtha sa chine daonna nuair a chuirtear duine faoi strus. Scaoiltear hormóin mar theististéarón agus aidréanailín; méadaíonn siad seo an sruth fola chuig na matáin agus cuireann seo go mór lena n-ábaltacht. Má chuirtear teististéarón isteach sa chorp go rialta thar am tré instealladh, cuirfidh sin le méid na matáin agus tiocfaidh cuma nach bhfuil neamhchosúil le cuma an Hulk é féin.

Agus cad é faoin fhorlaoch is clúitigh den iomlán – Superman? Tá sé chomh láidir sin mar gur rugadh é ar phláinéad ar a bhfuil an domhantarraingt deich n-oiread chomh láidir le domhantarraingt s’againne. Nuair a chuaigh spásairí go dtí an ghealach bhí siad ábalta léimneach níos airde as siocair go bhfuil domhantarraingt s’againne sé oiread chomh láidir le domhantarraingt na gealaí. Bíonn cuid mhór fuinnimh de dhíth ar Superman agus faigheann sé seo díreach ón ghrian. Déanann plandaí sin gach lá; nuair a bhuaileann solas gréine ceimiceán ar a dtugtar clóraifill, táirgtear foinse fuinnimh darbh ainm glúcós ó dhé-ocsaíd charbóin agus uisce. Ach tá fadhb amháin ann. Cuireann an clóraifill dath glas ar an phlanda agus níl Superman glas; b’fhéidir go bhfuil ceimiceán eile in úsáid aige.

Sanas:

Aidréanailín adrenalin
Ardmhinicíocht high frequency
Astaíonn emits
Braitear is detected
Ceimiceán chemical
Clóraifill chlorophyll
Cruach steel
Damhán alla spider
Deilf dolphin
Dé-ocsaíd charbóin carbon dioxide
Domhantarraingt gravity
Dromchla surface
Forlaochra superheroes
Friotaíocht resistance
Instealladh injection
Matáin muscles
Racht fit
Sciathán leathair bat
Spásairí astronauts
Táirgtear is produced
Tálann secretes
Téad rothaig lasso
Teististéarón testosterone