Main content

Meath na bhFionn

Iar-Bhlaisín: Meath na bhFionn

Seans go mbeidh deireadh le dath fionn gruaige taobh istigh de chúpla céad bliain

Foilsíodh an t-alt seo ar dtús ar an 8ú Deireadh Fómhair 2002

Más fíor d’eolaithe áirithe, beidh deireadh le dath fionn gruaige taobh istigh de chúpla céad bliain; is é sin nach mbeidh aon duine beo agus gruaig fhionn aige/aici. Tá an scéal sin tábhachtach, go háirithe anseo in Éirinn, áit ina bhfuil thart fá dheich faoin chéad de na daoine fionn.

Mar aon le gach gné eile den chorp daonna, bíonn dath gruaige ag brath ar na géinte. Is féidir a rá (cé gur simpliú é) go bhfuil géin amháin ann a rialaíonn dath gruaige. Is féidir leis an ghéin seo a ordú go mbeidh dath dubh nó dath donn nó dath fionn nó fiú dath rua ar an ghruaig. Ach nuair a thoirchtear ubh mná tugtar dhá chóip de gach géin, ceann ón mháthair agus ceann ón athair. Is cuma nuair atá an teachtaireacht céanna ag an dá ghéin; má ordaíonn an dá ghéin go mbeidh an dath céanna gruaige ann, sin mar a bheidh. Ach nuair a ritheann an dá theachtaireacht salach ar a chéile, caithfear rogha a dhéanamh. Agus cailleann an géin don dath fhionn i gcónaí – tugtar géin cúlaitheach air. Bíonn an géin seo sna cealla uilig ach ní bhíonn éifeacht ar bith aige.
Má bhíonn an t-athair agus an mháthair fionn, beidh na páistí fionn. Má bhíonn duine acu fionn agus an duine eile donn mar shampla, tá seans ann ach is beag é go mbeidh an páiste fionn. Seo mar atá: d’fhéadfadh an duine donn a bheith ag iompar géin cúlaitheach don ghruaig fhionn. Abair gur sin an t-athair. Mar sin de, beidh an géin sin ag leath na speirmeacha. Má thoircheann ceann de na speirmeacha sin ubh ón mháthair fhionn, beidh an páiste fionn; ach má thoircheann speirm atá ag iompar an géin don dath donn an ubh, beidh an páiste donn. Agus tá an scéal mar aon más ag an athair an ghruaig fhionn agus ag an mháthair an ghruaig dhonn. Is ionann sin go bhfuil seans caoga faoin chéad go mbeidh an páiste fionn. Ach, ar ndóigh, muna bhfuil an géin cúlaitheach don dath fhionn gruaige ag an duine donn, ní bheidh dath fionn ar ghruaig na bpáistí in aon chor, is cuma faoi ghruaig an duine eile.
Is furusta a fheiceáil, mar sin, má bhíonn idirphósadh idir iad siúd atá fionn agus ciníocha eile nach bhfuil fionn, go dtiocfaidh deireadh leo siúd atá fionn.

Tá sé fíor gur mionlach iad lucht na gruaige finn. Creidtear gur tháinig iomlán de dhaonra an domhain ón Aifric agus gur fhág iad siúd ónár eascair muintir na hEorpa thart faoi chéad míle bliain ó shin. Bhí dath gruaige dubh ar mhuintir na hAifrice agus tá an dath gruaige sin ar bheagnach iomlán an domhain go fóill. Tharla géinathrú i dtuaisceart na hEorpa a d’fhág gruaig fhionn ag cuid mhór acu; a mhéid a théitear ó thuaidh sin mar is mó a fhaightear an dath seo agus is sna tíortha Lochlannacha a fhaightear é go príomhá. Meastar go bhfuil baint aige seo le heaspa solas gréine. Iad siúd a bhfuil dath fionn ar an ghruaig agus dath bán ar an chraiceann, ionsúíonn siad gathanna ultravialaiteacha níos fearr. Is iad na gathanna seo is cúis le monaracht vitimín D sa chraiceann agus tá sin riachtanach againn uilig. An áit nach bhfeictear an ghrian chomh minic sin, tá sé tábhachtach go n-ionsúítear a mhéid dá solas agus is féidir.

De réir mar atá na ciníocha ag taisteal, ag meascadh agus ag idirphósadh sa lá inniú, tá an lámh in uachtar go mór ag lucht na gruaige duibhe nó na gruaige doinne. Tá líon na ndaoine atá fionn ag ísliú ó bhliain go bliain. Meastar anois gur san Fhionnlainn a bheidh na daoine deireannacha a bheidh fionn go nádúrtha.

Sanas:

Cúlaitheach: recessive
Géin: gene
Gintear: generate
Ionsúítear: absorbed
Monaracht: manufacture
Speirm: sperm