Eolas do Thuismitheoirí agus do Mhuinteoirí - Misean Mhíleo

Eolas do Thuismitheoirí agus do Mhuinteoirí - Misean Mhíleo



Misean Mhíleo

Baineann an cluiche spraíúil seo le hábhair éagsúla agus leis na tréithe a bhaineann leo. Caithfidh an carachtar Míleo a bheith déanta as an ábhar ceart le teacht slán trí na puzail éagsúla, agus caithfidh an t-imreoir an t-ábhar is fearr a roghnú dó. Is féidir an cluiche a imirt mar atá sé nó is féidir puzal amháin a roghnú agus gan ach na ceisteanna a fhreagairt. Thig leis an imreoir tuilleadh taighde a dhéanamh ar ábhair agus ar thréithe na n-ábhar ag 'An Binse Ábhar'.

Más mian leat bheith páirteach sna gníomhaíochtaí foghlama seo atá ar bun ag an phaiste, is féidir caint agus plé a spreagadh leis na ceisteanna agus na gníomhaíochtaí seo a leanas:

Cuir cúpla rud atá déanta d'ábhair éagsúla i mála agus abair leis an pháiste iad a láimhseáil gan ligean dó iad a fheiceáil. An féidir leis a thomhas cad é atá ann? Amharc ar na hairíonna a bhaineann le rudaí sa teach agus déan iad a phlé. Pléigh na hairíonna a bhaineann le rudaí éagsúla sa chomhshaol.





Primary Learning Sites in Irish

Secondary Learning Sites

Primary Learning Sites in English


BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.