Safari Eolaíochta
Eolas ar An Safari Eolaíochta, áis eolaíochta atá dírithe ar pháistí 7-11 bliain d'aois
An Safari Eachtach Eolaíochta
Tiomáin do veain thart ar an Safari le cártaí eolaíochta a bhailiú agus stop ar an bhealach le cluichí a imirt!
Bronntar 5 chárta ort ag tús an safari agus is féidir cártaí a bhailiú ar an bhealach. Bronntar cártaí ort nuair a éiríonn leat i gcluichí fosta. Tá 90 cárta eagsúil ann, déan iarracht iad uilig a bhailiú. Nuair atá cártaí baillithe agat is féidir iad a shórtáil i gcúl na veain. Má fhaigheann tú an cárta céanna faoi dhó is féidir é a mhalartú leis an ríomhaire. I ndiaidh duit an 90 cárta a bhailiú, is féidir leat leanstan ar aghaidh ach beidh tú ag tarraingt as an 90 cártaí céanna arís.
Cliceáil ar 'Socruithe' leis an léarscáil a chur i bhfolach nó a thaispeáint, nó leis an fhuaim a mhúchadh nó a chur ag dul.
Do Leagan Féin
Anseo, is féidir fotheidil a chur leis an fhuaim ar fud an Safari Eolaíochta. Is féidir taispeáint an téacs a athrú, litreacha móra nó beaga a roghnú, chomh maith le dath agus cúlra an téacs a athrú. Más mian leat na focail ar scáileán a chluinstin leite amach, roghnaigh 'Tacaíocht Teanga' anseo. Cliceáil ar 'Sábháil' sula ndruideann tú 'Do Leagan Féin' leis na socruithe s'agat a shábháil.
Bailitheoirí Cártaí
Má chruthaíonn tú féiniúlacht úsáideora agus má úsáideann tú an ríomhaire céanna beidh na cártaí a bhailigh tú roimhe agus na cluichí a chruthaigh tú go fóill ann nuair a lógálann tú isteach arís. Má fhágann tú d'fhéiniúlacht úsáideora gan lógáil isteach ar feadh sé mhí, rachaidh sé as feidhm agus beidh ort féiniúlacht úsáideora úr a chruthú.
Garáiste
Agus tú ag tarraingt ar gharáiste, cuirfidh fógra in iúl duit. Tiomáin sa lána clé le dul isteach sa gharáiste. Nuair atá tú sa gharáiste, is féidir dath do veain a athrú, agus greamáin nó rudaí breise a chur uirthi. Cliceáil ar 'Druid' leis an gharáiste a fhágáil agus tiomáint ar aghaidh.
Cártaí Eolaíochta
Is é príomhdhúshlán an 'Safari Eolaíochta' ná gach ceann de na 90 cárta a bhailiú. Tá físchártaí agus cártaí gníomhaíochta le bailliú. Tá eolas faoi ghnéithe éagsúla den eolaíocht ar na físchártaí. Tá gníomhaíochtaí praicticiúla le déanamh ar na cártaí gníomhaíochta.
Cruthaigh Cluiche!
Is féidir puzal réamhdhéanta a imirt nó do chluiche féin a chruthú. Má tá tú ag iarraidh puzal réamhdhéantá a imirt, beidh ort airíonna na n-ábhar a athrú leis an bhua a bheith agat sa chluiche. Má tá ag iarraidh do phuzal féin a chruthú, thig leat rudaí a tharraingt isteach san áit súgartha ón bharra uirlisí. Is féidir eochracha ar an eocharchlár a shocrú le rudaí a bhogadh i rith an chluiche. Má chruthaíonn tú do phuzal féin agus tú logáilte isteach mar 'Bailitheoir Cártaí' is féidir leat é a shabháil le go dtig leat é a imirt arís.
Gníomhaí Sníomhaí
Téigh ag cuardach sníomhaí-snámhaithe le do ghloine fórmhéadúcháin! Ansin freagair na ceisteanna leis na mionbheithígh a chur ina ngrúpaí. Tá físéain de na mionbheithígh le feiceáil agus gheobhaidh tú réalta 'Gníomhaí Sníomhaí' má chríochnaíonn tú an cluiche.
Misean Mhíleo
Is breagán í Míleo a tháinig as bosca bia bricfeasta. Caithfidh sí an taobh eile den chistín a bhaint amach le bualadh lena cairde, ach tá contúirtí sa bhealach! Caithfidh Míleo a bheith déanta as an ábhar ceart le teacht slán trí na puzail éagsúla. Bain úsáid as na heochracha saigheada le Míleo a threorú thart agus lena chur ag léim. Beidh ort an t-eolas atá agat ar ábhair eagsúla a úsáid le cuidiú léi. Thig leat taighde a dhéanamh ar na hábhair agus ar a gcuid tréithe ag 'An Binse Ábhar'.