Eolas do Thuismitheoirí agus do Mhuinteoirí

Eolas do Thuismitheoirí agus do Mhuinteoirí



Gníomhaí Sníomhaí

Is é cuspóir an chluiche seo ná eochair eolaíochta a úsáid le rudaí beo a aithint agus a rangú. Freagróidh an páiste ceisteanna iata le foghlaim faoi ghrúpa sníomhaí-snámhaithe san fhoraois bháistí. Nuair atá na mionbheithígh cuardaithe agus aitheanta aige, iarrtar ar an imreoir iad a chur ina ngrúpaí. Spreagfaidh an chuid seo den chluiche an t-imreoir le smaoineamh faoi na teaghlaigh éagsúla a mbaineann ainmhithe agus plandaí leo.

Más mian leat bheith páirteach sna gníomhaíochtaí foghlama seo atá ar bun ag an leanbh, is féidir caint agus plé a spreagadh leis na ceisteanna agus na gníomhaíochtaí seo a leanas:

Gabh amach a chuardach mionbheithíoch! Gabhaigí amach le chéile agus déanaigí pictiúir de na rudaí a dtagann sibh orthu. Iarr ar an pháiste a eochair féin a dhéanamh le cur síos ar na rudaí beo a dtagann sé orthu.





Primary Learning Sites in Irish

Secondary Learning Sites

Primary Learning Sites in English


BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.