Cuidiú le Cuntas An Madadh Rua


Cuidíonn gníomhaíochtaí an Mhadaidh Rua le páistí uimhreacha a thuiscint mar rudaí ar féidir cuntas a dhéanamh orthu agus a rangú le chéile. Déanann na cluichí seo aithris ar na feirbíní na na bloic a úsáideann páistí i ngníomhaíochtaí ranga le cur le chéile, baint ar shiúl, iolrú agus roinnt a fhoghlaim. Is é sprioc na gcluichí seo ná an líon ceart Liathróidí a chur isteach sa spásárthach leis an líon is lú sealanna.

Clúdaithe sa ghníomhaíocht seo tá:

• Ag cuntas siar agus ar aghaidh

• Cur le chéile agus baint ar shiúl

• Corruimhreacha agus ré-uimhreacha

• Iolraí

• Dubáilt

• Leath a dhéanamh de rud

• Iolrú agus roinnt

Treoracha don Chluiche

• Cliceáil ar na buidéil ar thaobh an chráitéir nó brúigh an uimhir chuí ar an mhéarchlár le Liathróidí a chur sa chráitéar.

• Cliceáil ar an chnaipe móide nó brúigh an saighead chlé ar an mhéarchlar le Liathróidí a chur isteach sa chráitéar ó na buidéil.

• Cliceáil ar an chnaipe dheas nó brúigh an saighead deas ar an mhéarchlár le Liathróidí a bhaint den chráitéar.

• Cliceáil ar an chnaipe Glan in aice leis na cnaipí móide agus lúide leis na Liathróidí a ghlanadh ón chráitéar.

• Cliceáil ar an Drúchtín ar thaobh chlé na mbuidéal leis na Liathróidí sa chráitéar a shú isteach. Is féidir na Liathróidí seo a úsáid arís ar ball leis an chráitéar a líonadh. Cliceáil ar an chnaipe Glan in aice leis an Drúchtín chun na Liathróidí atá aige a ghlanadh.

• Cliceáil ar an chráitéar le líon na Liathróidí sna buidéil agus sa chráitéar a thaispeáint.

• Cliceáil ar an spásárthach nó brúigh an spásbharra ar an mhéarchlár agus tógfaidh an spásárthach na Liathróidí sa chráitéar.

• Cliceáil ar an chnaipe atosaithe ag barr an scáileáin ar dheis leis an chluiche a imirt arís ón tús.

• Scairteann an Madadh Rua amach an suim atá déanta agat agus léirítear an suim ag bun an scáileáin ar chlé.

• Cliceáil ar an Mhadadh Rua má tá cuidiú uait.

Cluichí an Mhadaidh Rua

Cuidigh leis an Mhadadh Rua an líon ceart Liathróidí a chur isteach sa spásárthach leis an líon is lú sealanna. Tá líon an Liathróidí atá de dhíth le feiceáil ar thaobh an spásárthaigh. Tá rialacha ar leith le leanúint i roinnt cluichí, mar shampla caithfear ré-uimhreacha a úsáid leis an spásárthach a líonadh. Tá na rialacha seo le feiceáil ar thaobh an spásárthaigh.

Tá sé leibheál ann agus deich gcluiche ar gach leibheál, a éiríonn níos deacra de réir mar a théann tú fríd na cluichí. Is féidir na cluichí a imirt in ord ar bith.

Bronntar duais óir, airgid nó chré-úmha ag deireadh gach cluiche, ag brath ar an líon sealanna a ghlac an páiste. Léirítear an líon sealanna le linn an chluiche ag barr an scáileáin ar dheis.

Is é seal ná:

• Liathróidí a chur isteach sa chráitéar.

• Liathróidí a bhaint ar shiúl ón chráitéar.

• An chráitéar a ghlanadh leis an chnaipe Glan.

• An Spásárthach a bhogadh thar an chráitéar.

Gníomhaíochtaí Taiscéalaithe an Mhadaidh Rua

Cliceáil ar an bhalún le gníomhaíocht taiscéalaithe a oscailt. Tá trí cinn acu ann, agus tá spásárthach agus buidéil socraithe iontu ach níl aon sprioc leo. Spreagtar na páistí chun a rogha rud a dhéanamh agus iad ag fiosrú na ngníomhaíochtaí. Is féidir le páistí iad a imirt ina n-aonair, le páiste eile nó le tuismitheoir.

Taiscéal 1 (An Spásárthach Oráiste)

Caithfear an spásárthach a líonadh leis an líon ceart Liathróidí atá le feiceáil ar thaobh an spásárthaigh. Líon an cráitéar le Liathróidí ar dtús - cliceáil ar na buidéil ar thaobh an chráitéir le Liathróidí a chur sa chráitéar. Nuair atá an cráitéar líonta agat, cliceáil ar an spásárthach agus tógfaidh an spásárthach na Liathróidí. Beidh spásárthach eile le líonadh ina dhiaidh sin. Tugann an ghníomhaíocht seo aischothú ar chuntas i ndóanna, i dtríonna, i ceathaireanna, i gcúigeanna, i ndeicheanna agus ar dhúbailt.

Taiscéal 2 (An Spásárthach Glas)

Is féidir líon Liathróidí ar bith a chur isteach sa spásárthach. Tugann an ghníomhaíocht seo aischothú ar chuntas i ndóanna, i séanna, i seachtanna, in ochtanna, i naonna agus i ndeicheanna.

Taiscéal 3 (An Spásárthach Dearg)

Leis an spásárthach a líonadh, ní mór duit na rialacha atá ar thaobh an spásárthaigh a leanúint. I measc na rialacha tá:

• Corruimhreacha

• Ré-uimhreacha

• Iolraí de 2

• Iolraí de 5

• Iolraí de 10

• Uimhreacha a chríochnaíonn le 0

Tugann an ghníomhaíocht seo aischothú ar iolraí de 2, 5, 10, ar chorruimhreacha agus ar ré-uimhreacha agus ar uimhreacha a chríochnaíonn le 0.

Leideanna Úsáideacha

Má bhíonn deacracht ag páiste leis na cluichí, seans go gcuideoidh na leideanna a leanas:

• Úsáid an Drúchtín le líon Liathróidí a stóráil. Cuir amach an líon Liathróidí a ba mhaith leat sa chráitéar agus cliceáil ar an Druchtín. Tiocfaidh an Drúichtín amach go taobh an chráitéir agus súfaidh sé na liathróidí amach as. Is féidir clicéail ar an Druchtín leis na liathróidí a scaoileadh amach as isteach sa chráitéar. Má dhéanann tú cliceáil air in athuair, scaoilfidh sé an líon céanna amach arís agus arís. Mar sin de, is bealach éasca é an Drúchtín le huimhreacha móra a dhéanamh le líon beag sealanna. Bíonn sé úsáideach fosta sna leibhéil is deacra, nuair atá buidéil ann nach féidir ach úsáid amháin a bhaint astu. Is féidir an Drúchtín a ghlanadh amach leis an chnaipe atá thíos faoi, agus é a líonadh le liathróidí arís.

• Bíonn trí chineál spásárthaigh ann; Spásárthach na Rialacha, Spásárthach na bPionnaí agus Spásárthach na nUimhreacha.

• Le Spásárthach na Rialacha, bíonn riail faoi fhuinneoga an spásárthaigh: caithfear an spásárthach a líonadh de réir na rialach seo.

• Le Spásárthach na nUimhreacha, in amanna bíonn cúirtíní ar chuid de na fuinneoga sa spásárthach, a chuireann in iúl go bhfuil patrún ar leith ag baint leis an sraith uimhir, agus go gcaithfear an caidreamh idir na huimhreacha a oibriú amach agus na huimhreacha atá ar iarraidh a líonadh isteach.

• Cliceáil sa cháitéar leis na huimhreacha a thaispeáint ar na buidéil. Clicéail faoi dhó sa chráitéar leis na huimhreacha a ghlanadh ó na buidéil.



BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.