Sna gníomhaíochtaí uimhirlíne seo bogtar an Coinín suas agus síos ar an uimhirlíne, ag léim ar na glasraí blasta agus ag seachaint na n-arrachtaí. Déantar cur le chéile agus baint ar shiúl a léiriú mar ghluaiseachtaí suas agus síos an uimhirlíne, le cuidiú le páistí scoile cur le chéile, baint ar shiúl, iolrú agus roinnt a fhoghlaim. Scairteann an Coinín amach na suimeanna cur le chéile agus baint ar shiúl agus é ag léim.
Clúdaithe sa ghníomhaíocht seo tá:
•Ag cuntas siar agus ar aghaidh
•Cur le chéile agus baint ar shiúl
•Corruimhreacha agus ré-uimhreacha
•Iolraí, patrúin agus sraitheanna uimhreacha
•Iolrú agus roinnt
Cluichí an Choinín
Is é sprioc na gcluichí seo ná cuidiú leis an Choinín na glasraí ar fad ar an uimhirlíne a ithe ach an líon is lú sealanna a ghlacadh. Tá gach rud sna cluichí réamhshocraithe agus ní féidir na hairíonna a athrú nó rudaí a chur isteach nó a ghlanadh.
Bronntar duais óir, airgid nó cré-úmha ag deireadh gach cluiche, ag brath ar an líon sealanna a ghlac an páiste. Léirítear an líon sealanna le linn an chluiche ag bun an scáileáin ar dheis.
Is é seal ná:
• Méid na léime a athrú.
• Léim a dhéanamh.
Treoracha don Chluiche
• Caithfidh an Coinín léim ar uimhreacha áiríthe leis an cluiche a chur i gcrích. Tá na huimhreacha sin le feiceáil ag barr an scáileáin ar dheis.
• Cliceáil ar an saighead ghlas leis an Choinín a chur ag léim.
• Cliceáil ar an chnaipe lúide agus móide nó brúigh na saigheada clé agus deas ar an mhéarchlár le treo léime an Choinín a athrú.
• Cliceáil ar an Choinín má tá cuidiú uait.
• Tá cultacha leime faoin uimhirlíne ar a bhfuil uimhreacha. Cliceáil ar chulaith léime nó bruigh an uimhir chuí ar an mhéarchlár le méid léim an Choinín a shocrú.
• Itheann an Coinín na glasraí nuair a léimeann sé orthu, agus baintear den uimhirlíne iad.
• Caitear ón uimhirlíne an Coinín nuair a léimeann sé ar arracht.
• Nuair a léimeann an Coinín ar thrampailín, déanann sé léim ar aghaidh de réir na huimhreach atá ar an trampailín.
• Le bogadh ar chlé nó ar dheis ar an uimhirlíne, cuir an luchóg ar thaobh chlé nó ar thaobh dheas an scáileáin.
Gníomhaíochtaí Taiscéalaithe an Choinín
Cliceáil ar an bhalún le gníomhaíocht taiscéalaithe a oscailt. Spreagtar na páistí chun a rogha rud a dhéanamh agus iad ag fiosrú na ngníomhaíochtaí. Is féidir le páistí iad a imirt ina n-aonair, le páiste eile nó le tuismitheoir. Cruthaigh do chluichí féin - roghnaigh glasraí, arrachtaí agus trampailíní le cur ar an uimhirlíne, nó athraigh na cinn atá ar an uimhirlíne cheana féin.
• Taiscéal 1 (an balún clé) - tugann sé seo aischothú ar chuntas i ndóanna, i dtríonna, i ceathaireanna, i gcúigeanna agus i ndeicheanna, ar chorruimhreacha agus ré-uimhreacha, ar dhúbailt agus ar oibriú inbhéartach simplí.
• Taiscéal 2 (an balún deas) - tugann sé seo aischothú ar chuntas i séanna, i seachtanna, in ochtanna, i naonna, in iolraí de 2, 5 agus 10, agus ar oibriú inbhéartach.
Treoracha do na Gníomhaíochtaí Taiscéalaithe
• Tá culaith léime sa bhreis sa ghníomhaíocht Fiosraigh 2. Tá uimhir 11 air ar dtús ach is féidir an uimhir seo a athrú go 12, 15, 20, 25, 50 nó 100 trí chliceáil ar an chulaith.
• Le rud a bhogadh ar an uimhirlíne, cliceáil ar an rud agus tarraing chuig an áit nua. Athraigh an glasra, an t-arracht nó an trampailín ag úsáid na saigheada dearga le dul tríd na roghanna.
• Le rud a ghlanadh ón uimhirlíne, cliceáil ar an rud agus tarraing faoin uimhirlíne.
• Le glasra a chur leis an uimhirlíne, cliceáil ar an mheacan dearg ag bun an scáileáin ar dheis agus tarraing chuig an uimhirlíne. Roghnaigh an glasra ag úsáid na saigheada dearga le dul tríd na roghanna.
• Le harracht a chur leis an uimhirlíne, cliceáil ar an arracht ag bun an scáileáin ar dheis agus tarraing chuig an uimhirlíne. Roghnaigh an t-arracht ag úsáid na saigheada dearga le dul tríd na roghanna.
• Le trampailín a chur leis an uimhirlíne, cliceáil ar an trampailín ag bun an scáileáin ar dheis agus tarraing chuig an uimhirlíne. Roghnaigh meid agus treo léim an trampailín ag úsáid na saigheada dearga le dul tríd na roghanna. Má roghnaíonn tú an trampailín a bhfuil réalta air, is ionann méid léim an trampailín seo agus méid na léime a thug an Coinín chuig an trampailín.
Leideanna Úsáideacha
Má bhíonn deacracht ag páiste leis na cluichí a bhaint, seans go gcuideoidh na leideanna a leanas:
• Coinnigh culaith leime ar an Choinín chomh fada agus is féidir an líon iomlán sealanna a laghdú, mar gach uair a athraítear an culaith leime, sin seal eile.
• Nuair a léimeann an Coinín ar arracht, cuirtear ar ais chuig a náid ar an uimhirlíne é. In amanna, bíonn na harrachtaí úsáideach mar gheall air sin - cuir i gcás go nglacfaí naoi seal le léim chuig uimhir íseal timpeall a náid ar an uimhirlíne - má leimeann tú ar arracht, cuirtear an Coinín díreach chuig a náid le seal amháin.