Cuidiú le Cuntas An tÉan


Déanann na cluichí seo aithris ar na ciúbanna inghlasáilte a úsáideann páistí i ngníomhaíochtaí ranga le cuntas a fhoghlaim. Sna gníomhaíochtaí seo, tugtar Súileoga ar mhacasamhail na gciúbanna sin. Is é sprioc na gcluichí seo ná cuidiú leis na Súileoga bogadh tríd na seomraí éagsúla agus fadhbanna a sharú le teacht ar sheomra na taisce. Caithfidh na grúpaí a bheith ar an mhéid cheart agus sa chruth ceart le dul trí dhoras an tseomra, nó tríd na rudaí eile sna seomraí ar aghaidh chuig an chéad seomra eile.

Clúdaithe sa ghníomhaíocht seo tá:

• Ag cuntas siar agus ar aghaidh

• Cur le chéile agus baint ar shiúl

• Corruimhreacha agus ré-uimhreacha

• Iolraí

• Dubáilt

• Leath a dhéanamh de rud

• Iolrú agus roinnt

Cluichí an Éin

Cuidigh leis na Súileoga seomra na taisce a aimsiú leis an líon is lú sealanna a ghlacadh! Is é sprioc na gcluichí seo ná cuidiú leis na Súileoga bogadh tríd na seomraí éagsúla agus na fadhbanna a sharú le teacht ar sheomra na taisce. Úsáid na rudaí sna seomraí leis na grúpaí Súileog a shocrú mar is ceart le dul trí dhoras an tseomra, nó tríd an tollán nó tríd an ghuairneán, agus ar aghaidh chuig an chéad seomra eile.

Tá sé leibheál ann agus deich gcluiche ar gach leibheál, a éiríonn níos deacra de réir mar a théann tú fríd na cluichí. Is féidir na cluichí a imirt in ord ar bith.

Bronntar duais óir, airgid nó cré-úmha ag deireadh gach cluiche, ag brath ar an líon sealanna a ghlac an páiste. Léirítear an líon sealanna le linn an chluiche ag barr an scáileáin ar chlé.

Is é seal ná:

• Na Súileoga a thiontú.

• Na Súileoga a athshocrú.

• Úsáid a bhaint as meaisín cur le chéile, baint ar shiúl, iolraithe, roinnte, dúbailte nó as an mheaisín a dhéanann leath de Shúileoga.

• Na Súileoga a bhogadh ó sheomra amháin go seomra eile.

Treoracha don Chluiche

• Cliceáil ar an Éan le cuidiú

• Cliceáil ar ghrúpa Súileog le líon na Súileog sa ghrúpa sin a thaispeáint

Sa phainéal ar chlé tá:

• Cnaipe Tiontaithe

Cliceáil air seo nó brúigh an spásbharra ar an mhéarchlár le grúpa Súileoga a thiontú le ceathrú casaidh.

• Cnaipe Athshocruithe

Cliceáil air seo leis na Súileoga a shocrú ar fhad agus ar leithead eile.

• Cnaipe Atosaithe

Cliceáil air seo leis an chluiche a imirt ón tús sa seomra ina bhfuil tú.

• Cnaipe Saigheada

Cliceáil ar na cnaipí seo nó brúigh na saigheada ar an mhéarchlár leis na Súileoga a bhogadh.

Sa phainéal ar dheis tá léarscáil a thaispeánann na seomraí uilig sa chluiche. Cliceáil ar sheomra le feiceáil cad é atá ann, agus cliceáil ar an seomra leis an Súileog chun dul ar ais agus a cluiche a imirt arís.

Tá gach rud sna cluichí réamhshocraithe agus ní féidir na hairíonna a athrú nó rudaí a chur isteach nó a ghlanadh.

• Doras

Is tríd na doirse a théann na Súileoga chuig an chéad seomra eile. Ní féidir le grúpa Súileog dul trí dhoras ach nuair atá sé ar an leithead ceanann céanna leis - mar shampla, caithfidh grúpa Suileog bheith ceithre chearnóg ar leithead le dul trí dhoras atá ceithre chearnóg ar leithead.

• Guairneán

Déanann na guairneáin líon áirithe Súileog a iompar chuig seomra eile. Le taisteal i nguairneán, caithfidh líon na Súileog sa ghrúpa bheith mar a gcéanna leis an uimhir atá ar an ghuairneán - mar shampla, caithfidh dhá Shúileog déag a bheith i ngrúpa Suileog le taisteal i nguairneán ar a bhfuil an uimhir a dó dhéag.

• Tolláin

Déanann na tolláin na Súileoga a iompar chuig seomra eile. Le taisteal i dtollán, caithfidh an cruth céanna bheith ar na Súileoga, agus caithfidh an líon Súileog céanna bheith ann.

• Meaisín Cur le Chéile

Cuireann an meaisín seo níos mó Súileog leis an ghrúpa. Ní mór don ghrúpa Súileog bheith ar an leithead céanna leis an mheaisín - mar shampla, do mheaisín cur le chéile atá dhá chearnóg ar leithead, caithfidh an grúpa Súileog bheith dhá chearnóg ar leithead.

• Measín Baint ar Shiúl

Baineann an meaisín seo Súileoga ar shiúl. Ní mór don ghrúpa Súileog bheith ar an leithead céanna leis an mheaisín - mar shampla, do mheaisín baint ar shiúl atá dhá chearnóg ar leithead, caithfidh an grúpa Súileog bheith dhá chearnóg ar leithead.

• Meaisín Dúbailte

Déanann an meaisín seo líon na Súileog a dhúbailt.

• Meaisín a dhéanann leath de Shúileoga

Déanann an meaisín seo leath de líon na Súileog.

• Meaisín Iolraithe

Iolraíonn an meaisín seo an líon Súileog a chuirtear isteach ann leis an mhéid chearnóg atá ina leithead ar fad. Ní mór don ghrúpa Súileog bheith ar an leithead céanna le géaga an mheaisín. Iolraíonn meaisín iolraithe atá dhá chearnóg ar leithead grúpa Súileog le dhá chearnóg.

• Meaisín Roinnte

Roinneann an meaisín seo an líon Súileog a chuirtear isteach ann ar an mhéid chearnóg atá ina leithead ar fad. Ní mór don ghrúpa Súileog bheith ar an leithead céanna leis an mheaisín. Roinneann meaisín roinnte atá dhá chearnóg ar leithead grúpa Súileog ar dhá chearnóg.

Gníomhaíochtaí Taiscéalaithe an Éin

Níl sprioc faoi leith leis an dá ghníomhaíochtaí seo; spreagtar na páistí chun a rogha rud a dhéanamh agus iad ag fiosrú na ngníomhaíochtaí. Is féidir le páistí iad a imirt ina n-aonair, le páiste eile nó le tuismitheoir/duine fásta.

Is féidir do chluichí féin a chruthú - le hairíonna na rudaí atá sna seomraí cheana féin a athrú agus rudaí nua a chur isteach i seomraí. Is féidir doras a chur ar bhalla agus na Súileoga a bhogadh tríd an doras seo chuig seomra nua.

Tá dhá ghníomhaíocht taiscéalaithe ann:

• Tasicéal 1 (an balún clé) - tugann sé seo aischothú ar chuntas i ndóanna, i dtríonna, i ceathaireanna, i gcúigeanna agus i ndeicheanna.

• Taiscéal 2 (an balún deas) - tugann sé seo aischothú ar chuntas i séanna, i seachtanna, in ochtanna, i naonna, in iolraí de 2, 5 agus 10, agus ar oibriú inbhéartach.

Treoracha do na Gníomhaíochtaí Taiscéalaithe

Imrítear na gníomhaíochtaí seo leis na rialtáin céanna a úsáidtear sna cluichí, ach amháin gur féidir seomraí nua a chruthú trí dhoirse, tolláin nó guairneáin a chur ar bhallaí, agus meaisíní a tharraingt isteach agus a athrú. Le rud a chur sa seomra, cliceáil ar dhoras, ar thollán, ar ghuairneán nó ar mheaisín agus tarraing chuig an seomra é. Le rud a ghlanadh, cliceáil air agus tarraing chuig an phainéal ar dheis é.

Leideanna Úsáideacha

Má bhíonn deacracht ag páiste leis na cluichí, seans go gcuideoidh na leideanna a leanas:

• Is féidir 'náid' a dhéanamh de na Súileoga, agus in amanna sna leibhéil is deacra, tá ar pháistí sin a dhéanamh le dul tríd ghuairneán srl.

• Is é rún na gcluichí seo ná an bealach is gaiste chuig seomra na taisce a aimsiú. Sna leibhéil is deacra, ciallaíonn sé seo nach gcaithfear dul isteach i ngach aon seomra. Úsáid an léarscáil ar an taobh dheas den scáileán le hamharc ar na seomraí uilig agus leis an bhealach is gaiste leis an líon sealanna is lu a phleanáil, sula mbogtar na Súileoga isteach iontu.



BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.