Zoom through space to find stories, songs and games for Irish learners aged between 5 and 7.
Scéal 1 - Faoin Fharraige
Leanann an scéal seo grúpa ainmhithe mara atá ar thuras treoraithe faoin fharraige. Imíonn na hainmhithe óga óna thuismitheoirí agus téann a thaiscealadh i long bháite. Déanann siad cuideachta le taibhse chairdiúl nach féidir ach le páistí a fheiceáil!
Tá na frásaí seo le foghlaim sa scéal:
• Cé thú féin?
• Is mise
• Cá bhfuil..?
• Cá bhfuil an bád?
• Seo
• Seo mé
• Éist
• Fadhb ar bith
• Galánta
• Ar dóigh!
Tá ceithre ghníomhacht ag baint leis an scéal seo:
• Amharc ar an scéal
Amharc ar an scéal le téacs nó gan é.
• Léigh an Scéal
Léigh an scéal ag luas a oireann duit. Cliceáil ar an saighead le bogadh chuig an chéad leathanach eile.
• Scríobh Scéal
Úsáid an 'déantóir scéil' le scéal a scríobh bunaithe ar an scéal atá i ndiaidh a bheith léite agus le pictiúir a chur leis.
• Cluiche
Faigh na píosa den bhád atá folaithe sa choiréal agus san fheamainn agus cuir aithne ar na carachtair ar fad.
Cuir le chéile trí pháirt de bhád faoi léith - athróidh cinéal an bháid gach uair a imrítear an chluiche. Tagann na carachtair ar an scáileán agus cuireann siad iad féin in aithne (eg. Is mise Máirtín). Ba chóir don pháiste cliceáil ar an charachtar chuí nuair a iarrtar air 'Cá bhfuil ...?' Nuair atá na carachtair uilig faighte is féidir an bád a phéinteáil nó a phriontáil.
Scéal 2 - An Crann Beag Fuar
Bogadh crann pailme óna thír dhúchais faoin ghrian go hÉireann, I bhfad óna chuid cairde. Ní maith leis an aimsir agus bíonn sé faoi ghruaim, go dtí go dtagann grian an tsamhraidh a chuireann an-áthas air.
Tá na frásaí seo le foghlaim sa scéal:
• Cad é mar atá an aimsir?
• Tá sé grianmhar / Tá sé ag cur fearthainne / Tá sé fuar / Tá sé ag cur sneachta
• Ní maith liom an fhearthainn / an ghrian / an sneachta
• Ba mhaith liom dul abhaile
• Níor mhaith liom dul abhaile
• Maidin mhaith
• Ar dóigh
• Ar fheabhas
• Go hiontach
• Tá mé sásta anseo.
Tá ceithre ghníomhacht ag baint leis an scéal seo:
• Amharc ar an scéal
Amharc ar an scéal le téacs nó gan é.
• Léigh an Scéal
Léigh an scéal ag luas a oireann duit. Cliceáil ar an saighead le bogadh chuig an chéad leathanach eile.
• Scríobh Scéal
Úsáid an déantóir scéil le scéal a scríobh bunaithe ar an scéal atá léite agus le pictiúir a chur leis.
• Scéal a chur i seicheamh
Cuir na pictiúir ón scéal san ord ceart.
Scéal 3 - Bulaithe
Seo scéal faoi bhulaithe agus tá rogha ann idir dhá dheireadh. Is bulaithe iad Harry, Barry agus Marri agus leanann an scéal iad thart ar chlós na scoile. Is féidir leis an pháiste an deireadh is fearr leis a roghnú.
Tá na frásaí seo le foghlaim sa scéal:
• Dia duit
• Cad é mar atá tú?
• Tá tuirse orm
• Tá mé go holc
• Tabhair dom
• Ba mhaith liom
• Oscail an mála
• Déan deifir
• Nach trua sin
Tá dhá ghníomhacht ag baint leis an scéal seo:
• Amharc ar an scéal
Amharc ar an scéal le an téacs nó gan é.
• Léigh an Scéal
Léigh an scéal ag luas a oireann duit. Cliceáil ar an saighead le bogadh chuig an chéad leathanach eile.