Amhráin

Zoom through space to find stories, songs and games for Irish learners aged between 5 and 7.


Amhrán 1 - Is banna ceoil iontach muid

Déanann na heachtannaigh Séimí, Seoiní, Barra, Connaí agus Daire amhrán a cheol a chuireann síos ar a gcuid mothúchán.

Cliceáil ar an chnaipe 'change the song' le dul isteach faoin stáitse agus an t-amhrán a athrú. Míníonn gach eachtrannach an mothúchán atá ann agus caithfidh an páiste an clogad ceart a thabhairt dó. Athróidh focail an amhráin de réir an mhothúcháin atá ag gach eachtrannach. Beidh focail an amhráin le feiceáil ag bun an scáileáin agus is féidir iad a phriontáil.

Is féidir leis an pháiste línte duine de na heachtrannaigh a cheol, an t-amhrán a chleachtadh leis an ghrúpa iomlán agus nó na focail a fhoghlaim de ghlanmheabhair.

Tá na frásaí seo le foghlaim:

• Is ... muid
• Tá tuirse orm
• Tá brón orm
• Maidin mhaith
• Cad é mar atá tú?
• Tá mé go holc
• Tá mé maith go leor

Amhrán 2 - Is maith liom rapáil!

Is amhrán idirghníomhach é seo inar féidir leis an pháiste rapáil le Séimí, Seoiní, Barra, Connaí agus Daire!

Cliceáil ar an chnaipe 'change the song' le dul isteach faoin stáitse agus an t-amhrán a athrú. Cluinfidh an páiste Séimí ag rá gur maith leis rud faoi leith a dhéanamh agus ba chóir don pháiste na huirlisí cearta a thabhairt dó. Athróidh focail an amhráin ag brath ar an rud is maith le Séimí a dhéanamh. Beidh focail an amhráin le feiceáil ag bun an scáileáin agus is féidir iad a phriontáil.

Is féidir leis an pháiste an t-amhrán a chleachtadh leis an bhanna iomlán agus na focail a fhoghlaim de ghlanmheabhair.

Tá na frasaí seo le foghlaim:

• Is maith liom
• rapáil
• damhsa
• dreapadh
• scipeáil
• léimnigh
• súgradh
• snámh
• scátáil

Amhrán 3 - Ba mhaith liom bheith sa bhanna

Ba mhaith le Séimí, Barra, Connaí agus Daire a bheith i mbanna ceoil Sheoiní. Éist leis an amhrán le fáil amach cé atá ag iarraidh a bheith ag seinm ar an tambóirín, an ghuitar, an druma agus ar an phiano.

Cliceáil ar an chnaipe 'change the song' le dul isteach faoin stáitse agus an t-amhrán a athrú. Iarrfaidh na heachtrannaigh uirlis an duine agus caithfidh an páiste an uirlís ceart a thabhairt daofa. Athróidh focail an amhráin na huirlíse a bhíonn ag gach eachtannach.

Beidh focail an amhráin le feiceáil ag bun an scáileáin agus is féidir iad a phriontáil.

Tá na frásaí seo le foghlaim:

• Tabhair dom
• le do thoil
• Seo duit
• Ba mhaith liom




BBC © 2014The BBC is not responsible for the content of external sites. Read more.

This page is best viewed in an up-to-date web browser with style sheets (CSS) enabled. While you will be able to view the content of this page in your current browser, you will not be able to get the full visual experience. Please consider upgrading your browser software or enabling style sheets (CSS) if you are able to do so.