Zoom through space to find stories, songs and games for young Irish learners aged 5-7.
Tá 'Captain's Quest' ar cheann de chúig shuíomh do pháistí óga ag Eochair Céim 1. Is iad na cinn eile:
- An Garraí Draíochta (Gaeilge)
- Sorcas na nDreancaidí (Eolaíocht)
- Inniu agus Inné (Stair)
- Cuidiú le Cuntas (Mata)
Déan an spásárthach a thaiscéaladh! Cliceáil air le dul isteach agus cliceáil ar na scáileáin teilfíse. Is é an misean atá ag an pháiste ná teacht ar na rudaí seo a leanas:
• Blibblob (treoraí beochana a labhrann Gaeilge)
• Scéalta beochana bríomhara
• Amhráin bhríomhara, á gceol ag eachtrannaigh atá aisteach ach cairdiúil!
Is féidir na dathanna taobh istigh den spásárthach a athrú ag úsáid cnaipí agus luamhán.
Na focail atá le foghlaim sna scéalta agus sna hamhráin, tá siad le fáil i Blibblob fosta. Is treoraí beochana é Blibblob a ghlacann cruth nó cailíocht na bhfocal Gaeilge sin. Is féidir Blibblob a úsáid i bpáirt leis na scéalta agus na hamhráin, nó leis féin le focail agus abairtí a fhoghlaim.
Na Scéalta
• Faoin Fharraige
• An Crann Beag fuar
• Bulaithe
Na hAmhráin
• Is banna ceoil iontach muid (We're a Fantastic Band)
• Is maith liom rapáil! (I like rapping)
• Ba mhaith liom bheith sa bhanna (Can I Be in the Band?)
Tá gníomhaíochtaí éagsúla ag baint leis na scéalta. Is iad sin:
Léigh an Scéal (gach scéal)
Is féidir leis an pháiste an scéal a léamh ag luas a oireann do féin. Tá comhrá simplí sa scéal atá furasta a leanúint. Cluinfidh an páiste foghraíocht cheart agus tuin chaint na bhfocal Gaeilge. Ba chóir an scéal a léamh agus a ath-léamh le muinín an pháiste a thógáil.
Breathnaigh ar an Scéal (gach scéal)
Is féidir leis an pháiste amharc ar an scéal le teács nó gan é. Cliceáil ar an íocón den leabhar leis an téacs a fheiceáil. Tugann an ghníomhaíocht seo deis don pháiste éisteacht leis an scéal, focail agus frásaí a thuiscint agus dul i dtaithí ar fhuaimniú agus ar litriú na Gaeilge.
Scríobh Scéal (An Crann Beag Fuar & Faoin Fharraige)
Sa ghníomhaíocht seo is féidir leis an pháiste scéal úr a scríobh bunaithe ar an scéal atá léite aige agus pictiúirí agus focail a chur leis. Tá dhá leibhéal leis an ghníomhaíocht seo agus tá leagan amach difriúil ar gach ceann acu.
Tá íomhanna ann de chúlraí agus de charachtair agus tá cnuasach d'eochairfhocail ann ón scéal. Is féidir cruthanna áirithe a chur leis chomh maith. Is féidir na híomhanna a bhogadh thart ar an chanbhás nó a scriosadh amach. Is féidir an scéal a phriontáil.
Scéal a chur i seicheamh (An Crann Beag Fuar)
Tá dhá leibhéal ann a dhéanann tuiscint an pháiste ar an scéal a scrúdú:
• pictiúir ón scéal a chur san ord ceart
• deireadh a chur le 5 nó 9 abairt le go dtiocfaidh siad le pictiúir ón scéal. Bíonn líon na n-abairtí atá le críochnú ag brath ar fheabhas an pháiste ag leibhéal 1.
Cluiche (Faoin Fharraige)
I ndiaidh an scéal a léamh is féidir leis an pháiste bád a chur le chéile i gcluiche míreanna mearaí, ach teacht ar na píosaí den bhád atá folaithe i gcoiréal agus i bhfeamainn. Is féidir an pictiúr den bhád a dhathú agus a phriontáil.
Amhráin
Is baill de banna ceoil iad Séimí, Seoiní, Barra, Connaí agus Daire a dhéanann trí amhrán a cheol. Is féidir leis an pháiste na hamhráin a cheol, aithris a dhéanamh ar na gníomhartha nó focail na n-amhrán a athrú.
Cuidiú fuaime agus físe
Cliceáil ar an chnaipe 'Do Leagan Féin' le:
• méid nó dath an téacs ar an scáileán a athrú
• dath an chúlra a athrú
• téacs ar an scáileán a chluinstin á léamh amach
• fotheidil a fheiceáil do bhunús an ábhair fuaime / físe.
Níl fáil ar 'Do Leagan Féin' agus tú sa rannóg Daoine Fásta / Information for Parents and Teachers.
Is féidir an méarchlár a úsáid le bogadh tríd an chuid is mó den ábhar.