My weekendReading (Foundation)

Can you talk about all the different things you do at the weekend?

Part ofIrish – Learners (CCEA)Identity, lifestyle and culture

Reading (Foundation)

Read the email below. Léigh an ríomhphost thíos.

A Eilís, a chara,

Cad é mar atá tú? Ní raibh mé ábalta labhairt leat an deireadh seachtaine seo caite mar bhí mé ag stopadh le mo sheanmháthair. Tá sí ina cónaí faoin tuath agus níl an tseirbhís fóin rómhaith faoin tuath.

Beidh mé ag stopadh le mo sheanmháthair gach deireadh seachtaine mar tá sí measartha sean anois.

Bhris gadaithe isteach i dteach sa cheantar ar na mallaibh. Ghoid siad airgead ó sheanduine. Ar ndóigh, bíonn eagla ar mo sheanmháthair anois nuair a bhíonn sí sa teach léi féin. Mar sin de, ní bheidh mé ar fáil Dé Sathairn go ceann tamaill.

Siúlaim chuig na siopaí gach maidin Shathairn agus ceannaím earraí tí agus earraí grósaera. Is maith léi dul ar Aifreann gach tráthnóna Shathairn fosta, mar sin, téim léi. Caithim oíche Shathairn ag amharc ar scannán nó ag imirt cluichí ríomhaire.

Beidh mé sa bhaile Dé Domhnaigh. An mbeidh tú saor? Buailfidh mé leat fá choinne caife tráthnóna Dé Dhomhnaigh.

Do chara buan,

Lucia

Try to answer these questions in English. Freagair na ceisteanna seo i mBéarla.

Question

1) Where was Lucia last weekend?

Question

2) Why did Lucia not speak to Eilís?

Question

3) What did the thieves steal?

Question

4) How does her grandmother feel now?

Try to answer these questions in Irish. Freagair na ceisteanna seo i nGaeilge.

Question

5) Ainmigh dhá rud a cheannaíonn Lucia gach Satharn.

Question

6) Cá dtéann a seanmháthair Dé Sathairn?

Question

7) Ainmigh rud amháin a dhéanann Lucia san oíche.

Question

8) Cén lá a bhfuil Lucia saor fá choinne dí?